Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ach sé mo léan géar níl mé i mo lachóigín bhán, Is go n-éireoinn san aer in éadan gach tuile agus trá, Mar shúil ’s le Mac Dé is go réiteodh Muire mo chás, Is go sínfinn mo thaobh deas le péarla deas an chúil bháin.
Agus chaith mé an oíche aréir ag déanamh leanna sa ngleann, Gan deatach, gan Dé, gan aon splanc thine againn ann, Bhí duilliúir na gcraobh már éadach leapa go gann, Ach mo chuid do mhná deasa an tsaoil mhóir sí péarla deas an chúil bháin.
Agus tagaigí ag ól nó go n-ólfaidh muid scalach de leann, Is a bhfuil den aos óg gan phósadh tagaidís ann, Beidh coróin ar an oíche agus íocfaidh na fir ar na mná, Is beidh gine orm fhéin is ar phéarla dheas an chúil bháin.
Is an-deireanach aréir gan bhréag sea chonaic mé an bás, Bhí sé ag teacht faoi mo dhéin gan bhréag agus maide ina láimh, Ó, bí ag imeacht, a phéist, mar ní bheidh mise leat in do walk, Is cén chaoi a bhfágfainn faoi bhréag é ó péarla deas an chúil bháin?
Ach níl maidin sa gcoill nár iompaigh a bhun ina bharr, Is níl breac ins an abhainn nár iompaigh naoi n-uaire sa snámh, Is níl sagart sa Róimh nár dhiúltaigh an t-aifreann a rá, Nuair a chuala siad trácht ar phéarla deas an chúil bháin.
But my sorrow sharp I'm not in my lachóigín white, is that éireoinn air against each ebb and flow, as eye and with the Son of God is to prepare Mary my case, is that sínfinn my right side with pearl nice rear white.
And I spent last night doing me in the valley, No smoke, no God, no flash fire us there, was foliage of the branches mar bedding that rare, But my women treats all major a pearl right rear white .
And come with a drink or to drink we scalar of cider, is to have the young unmarried-regulated there, will crown the night and pay the men on women, is will gine my self as a pearl right rear white .
The very last last night without falsehood yes I saw the death, was coming under my deans not to lie and stick in his hand, Oh, be outgoing, a worm, as will yours you in your walk, is how to leave a about a lie from the rear pretty pearl white?
But there morning in the woods not turned to foot a result, is no trout in the river not turned nine times in swimming, is there a priest in Rome has not rejected the lawyers say, when they heard mention pearl nice white rear.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.