Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ag geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh A bhí amaideach baoth déanta, Éaló le mnaoi seal tamaill ins an oích’ Ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí, Mar bhí mé lag gan bhrí gan mhisneach in mo chroí ’S í agam ar mhín shléibhe, Bhí an codladh do mo chloí agus b’éigean domhsa luí Agus d’imigh sí ina fíormhaighdean.
Ag goil a luí don ghréin fán am seo aréir Ó nach agamsa bhí an scéala buartha, Ba é a shamhailt domh an té a shínfí ins an chré Ó, is a Mhuire, nach mé an truaighe, Sé déarfadh mo chairde, an méid acu a bhí i láthair Altaigh leis na mná, a bhuachaill, ’S an méid a ngoillfeadh orthu mo chás ghoillfeadh siad a sáith Fá mo chroí a bheith in mo lár ’na ghual dubh.
Dá mbeinnse thall sa Spáinn ’mo luí ar leabaidh an bháis, Agus cluinimse do dháil in Éirinn, D’éireochainn go sáimh leis an bhradán ar an tsnámh I nduibheagán i lár na hÉirne, Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go brách Mura bhfágha mise scríofa i mBéarla é, ’S gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás Ag dúil go bhfaighinnse spás ar éigin.
Nach agamsa tá an mháistreás is measa i gcríocha Fáil Cé gur soineanta clár a héadain, Chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr Agus b’fhurast ár gcás a réiteach An madadh rua bheith sách an chaora dhubh ar fáil ’S ní chluinfí mé go brách ag éileamh, Ach m’fhocal duit, a Sheáin, go bhfuil ealaín ins na mná Agus codail féin go sáimh dá ndíobháil.
A Mhuire agus a Rí, nach mairg a bíos I dtoiseach an tsaoil le pléisiúr, ’S a ghiorracht agus a bíos an tinneas do do chloí, ’S do do tharraingt ar na críocha déanach’, Níl sé ar an domhan ní ar bith och ó, Is peacaí agus is mó dá ndéantar Ná an mhaighdean dheas óg a mhealladh le do phóig Agus a fágáil faoi bhrón ’na dhiaidh sin.
At geaftaí Ballyboy I took the action A was foolish and unwise made, escaping a woman staggered in the night regardless of which were under the spéarthaí, As I was weak meaningless without courage in my heart and be my gentle mountain, my sleep was overcome and had to lie to me and she went fíormhaighdean.
Was going to bed the sun was about this time last night From that I was the news concerned, was to imagine me whoever extends in the earth Oh, Mary, I'm not the compassion, He would say my friends, what they attendees articulated the woman, boy, and sensitive to the amount of my case are insufficient upsetting to my heart to be my middle of the black coal.
If I was in Spain over 'lying on my death bed, and to distribute cluinimse in Ireland, has éireochainn sáimh the salmon that the tsnámh In depths in the middle of the Erne, Word will not believe any woman I ever default of obtaining yours is written in English, and I spent nine days at the death cleasaíocht eager that meant to get some space.
My mistress is not the worst in the territories Available While program faces hazy, would my case much she and reaching In our case b'fhurast solve the fox be quite the black sheep provide And I never chluinfí claiming, But my word to you, John, that art in the women and sleep sáimh both injury itself.
Mary and God, not woe anyway? In dimensional life with pleasure, and proximity and anyway the illness for adherence, And to draw the purposes late ', Not the world anything och from, the sins and largest is not the beautiful young virgin to attract your phóig and leaving grieving afterwards.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.