Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
An gcluin sibh mise, a bhuachaillí, an méid agaibh atá libh féin? Suígí thart fán tine anseo go n-inse mé mo scéal, Bhí buachaill ar an bhaile seo a bhí súgach aerach suairc, Is tháinig sé a dhéanamh cleamhnais le cailín an tsléibhe ruaidh.
A spéirbhean álainn aigeantach ba deise méin is cliú, Bí ag teacht liom féin le dúscadh an lae go bpóstar mé agus tú, Bí ag teacht liom féin amárach ’s ní bheidh ort brón ná gruaim, Is cuirfidh mé gúna síoda ort, a chailín an tsléibhe ruaidh.
Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh caidé ba chóir di a rá, Ach an dealramh a bhí ina súile den oíche go ndéanfadh an lá, A rún mo chroí, anois díbir thusa mearú an ghrá seo uait, Nó is rún liom fanacht díomhain seal ar mhalaidh an tsléibhe ruaidh
A Mhaighdean mhaiseach mharánta, caidé seo atá tú a rá? Dearc síos an gleann fá bruach na mbeann is breathnaigh mo chuid barr, Tá togha na bhfear is na mbeathach agam ag obair ann go cruaidh, Tá stór is maoin go leor agam do chailín an tsléibhe ruaidh.
Má tá stór is maoin go leor agat chan domhsa is fearrde é, Nó deirtear liom go n-ólfadh thusa maoin an tsaoil go léir, Do thaobhas tigh an ósta i do dhrabhlás bhocht gan chéill, Ar feadh na hoíche ag ól is ag goil ’na bhaile le bánú an lae.
Más fear mé atá ag ól, a chailín chóir, ní ólaim ach mo chuid féin, Chan tú atá ag íoc ar son na dí ná níl agat pingin ná spré, ’S anois ná síl go bhfuil mo chroí bocht briste de do chumhaidh, Nó fágaim thú mar a fuair mé thú ar mhalaidh an tsléibhe ruaidh.
The gcluin ye me, boys, what you are yourselves? Sit around this fire here that telling my story, was a boy of this town was merry gay chanting, is it came to dating a girl mountain red.
A beautiful maiden aigeantach was right mood is Cliu, Be coming myself to dúscadh day that bpóstar me and you, Be coming with me tomorrow and you will not regret than gloom, is I will silk dress for you, girl mountain red.
It was not known for streabhóg ghiodalaigh reveal what she should say, But the appearance was in his eyes the night that the days of my heart, now Refuse thou fingering of love is this you, Or I intend to stay díomhain turn mhalaidh the red mountains
Virgin Ornamental mharánta, reveal what this you say? Look down the valley was the bank giant is look my best, have the best of men and mbeathach I work that hard, treasure is the property enough I your girlfriend red mountains.
If storey property enough you sang to me is better for it, Or tell me that would drink thou property all all, Your thaobhas house the inn in your dhrabhlás poor senseless, For the night drinking and appetites' the home to dawn.
If a man I've been drinking, girl, do not drink but my own, You're not paying for the drinks than you with no money or dowry, and now do not think that my poor heart is broken with grief, Or I leave you as I found you on the red mountains mhalaidh.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.