Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ó, grá mo chroí le m’anam thú seachas a bhfuil beo, Mar is tú a shábháil m’anam dhom an lá úd a tháinig múr, Ó, bhí dhá chúrsa ceangailte agam is barróg ar an seol, Is níor scar mé le Ceann Galún nó go dtáinig mé isteach sa ród.
Ó, is dá bhfeicteá bád chlann Dhonncha gach lá dá dtéadh sí ’un seoil, Phlúchfadh sí na farraigí is fhliuchfadh sí barr seoil, Bhíodh tús ar gach uile bhád aici nuair a d’áitíodh an lá mór, Is go ndíolainn mo luichtín móna agus mé ag comhrá le mo stór.
Ó, is nach iomdha maidin Domhnaigh a raibh mé súgach deas go leor, Ag goil síos le mo luichtín móna agus dhá chúrsa in mo sheol mór, Níor ghéill mé ariamh do mhúr ar bith dá dhúnta dá mbíodh ceo, No go dtéinn ag caint le plúr na mban a bhíodh romham sa mbaile mór.
Ó, is mo ghrá-sa Bríd Ní Ghaora, is í a bhí síodúil thar na mná, Níor iarr mé ariamh an pionta uirthi nach líonfadh sise an cárt, Nuair a shílfinn a dhul dhá íoc léi, ní níodh sí dhom acht greann, Ach beidh grá do Bhríd Ní Ghaora agam go dtí an oíche thar éis mo bháis.
Oh, love of my soul with you than live, As you save my soul for me that day became rampart, Oh, I had a two course tied hug the sail, is not I share with Head gallon or that I came into the roadway.
Oh, if you used to see every day Dhonncha family boat if she went 'un swing, Phlúchfadh seas she is a top wet sail, used on all boats start her occupied when the big day, is that my luichtín ndíolainn turf I chat with my wealth.
Oh, that many a Sunday morning I was merrily nice enough, was going down to my luichtín turf and two courses in my sail, must not I concede ever to walls of any two closed its former ceo, No to dtéinn talking flour women before me in town.
Oh, my love-in Bríd Ghaora, as it was silky over women, not asked me never pints her not filled then make the liquor, When shílfinn going two pay her, not washed it for me except comedy, But Bríd will love me Ghaora not until the night over my death.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.