Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Sé mo ghrá-sa thú, a Johnny Geoghegan, as ceantar Uachtar Ard,Atá in do chónaí i gCarna thiar, in do theachta sa Dáil, ’S tú a fuair an síntiús airgid le haghaidh an chaladh, Beidh suaimhneas go deo arís againn is ní ag faire ar na báid.
Dhá mairfeadh na seandaoine atá curtha le fada an lá, Ba chrua a ghabhfadh an scéal orthu é a choinneáil thuas sa Dáil, ’S dhá liachtaí sin drochoíche a chaith siad ann roimh lá, Ag imeacht thríd an fharraige is ag tarraingt suas na mbáid.
Nár thriáil gach teachtaire anois le fada an lá, Ag iarraidh beagán airgid le caoi a chur ar áit báid, Sé an freagra a bhí le fáil againn ann ó Dev ’s óna dhream, Ach go raibh an póca folamh agus gurbh é an chaoi go raibh siad gann.
Ba gearr go dtáinig cement agus iarann as an yard, Is gaineamh as Maigh Cuilinn le leoraí Mháirtín Bán, Ó, déanadh céibh le haghaidh feamainne ann ’s áit eile le haghaidh snámh, Agus balla ar thaobh na farraige nach mbrisfidh aríst go brách.
Sé an Breathnach a bhí i gceannas ann agus cé bhfaighfeá fear ní b’fhearr, Bhí meabhair mhaith san obair aige is an oiliúint ina cheann, Bhí togha foireann fear aige de réir mar bhí sé a rá, Is go mbíodh sé fhéin ar maidin ann chomh moch is d’éiríodh lá.
Is nuair a dúirt an Conchúireach go gcuirfí fáinní ann, Nár fhiafraigh sé dhíomsa cá raibh an gabha is fearr, Ó, thoir ar an Tulach atá sé, is ainm dhó Cualáin, Mar tá mé cinnte dearfa go ndéanfaidh chuile bhall.
My love-in you, Johnny Geoghegan, from Oughterard area, Are living in western Carna, in your entry in the Dáil, And you've got the cash donations for the port, Never again will we have peace that is not watching the boats.
Two survival of elderly people has been long, Was afforded the story hard to keep them above the Dáil, And two drochoíche liachtaí that they spent there before day, Departing ACROSS the sea pulling up the boats.
Now try out each messenger not long, Trying a little money with the opportunity to place boat, The answer we found was from Dev and its laureates, But the cell was empty and that in fact they were rare.
Soon was cement and iron came from the yard, Moycullen is a sand lorry Martin White, Oh, were quay for seaweed and other place for swimming, And seaward wall will not break again forever.
He led Walsh and how man would get better, Work like mad was his training as a head, He was elected man team as he has to say, : As he himself so early in the morning there is an abandoned day.
And when the Conchúireach said that there rings, He had not asked where was the blacksmith dhíomsa best, From east of Tullow it, Cualáin His name, As I am convinced that every member.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.