Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ag Cuan Bhinn Éadair ar bhruach na hÉireann’S mé ar thaobh tonn na bóchna i mo luí, Tháinig aisling bhéalbhinn gan fhios ’om fhéachaint In aiste Véineas nó i gcló bean sí, Agus dúirt gur éirigh as an Chreagán céad fear De mhaithibh Gael as na tuambaí aníos, ’S go raibh Síol Néill ina mbeathaibh saora ’S an Feadh ag géilleadh dóibh in ór is i maoin.
Dhruid mé léithe comh dlúth is d’fhéadfas Ar chluinstin réim cheart na cúige thíos, Agus d’fhiafraíos féin di an raibh mac Éinrí Ag cur na cloiche réime úd in ordú arís, Nó ar chúrsaí tréasa in aghaidh na dtréanfhear Coillidh Dhún Réimhe a bheith dóite i ngríos, Nó arbh fhios don mhaighdean bhí ag ársaí scéil domh ’Raibh Eoghan Ó Néill mac Airt Óig sa tír?
Tá fós an Féinics róbheo in éifeacht Foradh an éabhail nár feodh ’s nár faoíodh, Caitlín réimiúil iníon Eoghain na féile A mbíodh ór is éifeacht na Fódla ina maoin, De bhrollach Néill Fhrasaigh amach gan chlaon í A mbíodh na ceatha daonnacht ag dórtadh ’na chroí, An míleadh tréitheach de mhaithibh Éireann Sliocht Cholla an dea-chroí dar fhóir an dá chrích.
Sé dúirt an néamhainn gur tráth domh éirí ’S cónaí a dhéanamh fán chúige thíos, Mar a raibh an tAthair Féilim arís in éifeacht Ag teagasc daonnacht mar chóir don tír, Mar a bhfaighinnse léagsaí ar fhearann saor ann Ag cumadh véarsaí go ceolmhar caoin, ’S nárbh fhiú domh éaló i dtír ó chéile Ón chloigín bhuartha a bhí i ndorn mhic Naois.
D’fhiafraíos féin den bhruinneall chéanna, ‘An tusa Héilean fár dóigheadh an Traoi? Nó an tú bean Óirféas ar lean sé féin í, Go dtug sé as géibheann lena mheorghuth í? Nó an tú an té úd fuair úll na scéimhe Ler lasadh éadbhroid go mór fán Traoi, Nuair a fuair tú aréir mé in uaigneas sléibhe ’S gan fios ag éinneach an cúige a mbím?’
‘Ní mise éinneach den bhandáil chéanna Bhí seal gan léine os comhair mhic Phriaim, Ach bean den Ghaeltacht is de threibh Mhiléiseas Bhí seal in éifeacht ag Eoghan sa chrích, Ler scriosadh céad fear de mhaithibh Gael breá In Eachroim slaodach ’s fán Bhóinn le bríb, ’Tá anois ag éirí ón Fhrainc le scéala Go bhfuil Art Ó Néill ag teacht i gcomhair arís.
‘Tá mo chroíse réabtha ina mhíle céad chuid Is balsam féin ní fhóirfeadh mo phian, Nuair a chluinim an Ghaeilic uilig á tréigbheáil Agus caismirt Bhéarla i mbeol gach aon, Bhullaigh is Jane ag glacadh léagsaí Ar dhúichibh Éireann na n-órbhall caoin, ’S nuair a chluinim scéala, sé freagar ghéabhaim, “Thou art a Papist, I know not thee.” ’
Clisim féin as an chodladh chéanna Mar a dhéanfadh cladhaire a bheadh seal ’na luí, Ná mar Oisín faonlag a bhí ag taisteal Éireann Tráth a cailleadh an Fhéinn mhaith i mórchath na maidhm, In áit a bheith ar thaobh cnoic i bhFeadh na féile Mar a ndéanainn céilí is cónaí faoi aoibh, Sé fuair mé an méid sin i nglasaibh daora Agus Bhullaigh ag méiligh mar leon i bhfíoch.
At Howth Harbour on the shores of Ireland And I'm on the wave of bóchna in my dying, Bhéalbhinn dream became unconscious' om viewing Venus essay or print a woman, Resigned and said that the first man Creggan Gael of nobles from the tuambaí up, O'Neill and beans were a cheap mbeathaibh Long and complying them in gold property.
I shut most of gray close co fhéadfas On the right the provincial framework hear below, And inquired of her own son was Henry Taking the stone in question framework in order again, Courses or treason against the dtréanfhear Middletown closed beforehand to be burned in a rash, Or who knows the way veterans was virgin beach 'Had Eoghan O'Neill, son of Art Young in the country?
Phoenix is ??still in effect róbheo Foradh the éabhail not feodh and not faoíodh, Réimiúil daughter Caitlin Owen festival A former gold Fodla effect of the property, Niall Frasach of breasts leaned out without her A bustle of humanity poured rainbow 'of the heart, Milidh characteristic of the nobles of Ireland Cholla extract the good heart of its territory according sump.
He said that at me becoming néamhainn And to live under the province below, As the Father Felim was again in effect Teaching humanity as the country should, As I received a free domain léagsaí on there Composing verses musically cry, And no point in me escape from another country From bell troubled student was Naois ndorn.
In the same bhruinneall inquired of himself, 'Thou Eiléan dóigheadh ??fought the Trojan? You or the woman he Orpheus she continued, He gave his mheorghuth s from detention?
Or you got the latter on the scenic apple Ler lighting greatly éadbhroid about Troy, When I had last night Beir And the provincial éinneach suggest that I am? '
'I'm not éinneach the same banded Turn was without a shirt before students Phriaim, But most of the Gaeltacht woman tribe Mhiléiseas Was in effect turn adjacent Owen, Ler delete hundred nobles Gael man of love Aughrim viscous and Boyne about the bríb, 'There are now getting from France with news Art O'Neill is coming for again.
'My heart is disrupting a hundred thousand part Balsam is itself not suit my pain, When I hear all the Ghaeilic being tréigbheáil And English clash in mbeol all, Jane is taking Bhullaigh léagsaí Dhúichibh Ireland on the órbhall cry, And when I hear news, it ghéabhaim not respond, "Thou art a Papist, I know thee not." '
Clisim themselves from the same bed As would cowards would turn in bed, Oisin prostrate than traveling Ireland Time lost in the Fhéinn like mórchath the defeat, Rather than on a hillside in the festival bhFeadh As spouses ndéanainn that reside smiled, I found it so much in nglasaibh expensive And at méiligh Bhullaigh lion in bhfíoch.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.