Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Dhá mbeinnse seal mar a bhí mé, gan aois, gan pianta cnámha, Ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian, Bheinn go síoraí ag seinm cheoil di mar is í is deise, míne glórtha, Leis an méid a dtug mé grá di rinne sí áras i mo chroí.
Cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar mhná i gcónaí, Nó ag smaoineamh ar bhlas a bpóga, nach í an ógh í a bheannaigh Críost, Dhá mba liomsa uilig críoch Fódla, i do dhiaidh ní mhairfinn beo mí, Is é mo léan gan thú is mé pósta, a Úna dheas Ní Nia.
An té d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh is í ag siúl amach ina cóiriú, Ba gheall leis an réalt eolais í, ag goil romham amach sa tslí, Níl baol seachmalla ná ceo ar bith choíchin ná go deo di, ’S an ghrian níor scairt sí fós uirthi chomh mómhar le mo mhian.
Tá a cúilín trilseach fáinneach lag fite gar dá cluasa, Tá a dhá grua mar na rósa is an lile ag briseadh tríd, Is fadó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh mo stua-bhean, Murach an áit ar cheap Dia lóistín di i dtórainn Inis Ní.
Dhá mbeadh sí suas in éifeacht is a gcomhairle a bheith ina chéile An t-am a raibh na Gréagaigh ag goil chun cogaidh leis an Traoi, Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh, Is i bPáras a bheadh ceann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.
Dá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí uilig Bonaparte, Is saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt, Níl pínn dhá mbeadh i m’fháltas, nach dtabharfainnse ar láimh di, Le súil gur mise an páirtí a bheadh ag Úna dheas Ní Nia.
Sí Úna mhaiseach mhómhar chuirfeadh smais ar mhná chríoch Fódla, Le stuaim, le gean is le córtas, le cóiriúlacht is le gnaoi, Dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breá deasa an tsóláis, Is í Úna bhán a thoghfainn i dtosach ar mhná an tsaoil.
Is nach mór an t-údar éagnaigh nár rugadh bliain roimh ré í, Sul má cailleadh fir níos tréine ná mar a béarfar arís choíchin, Heirciléas is a ghaolta, cén gar dúinn bheith dhá shéanadh? Ach é a fhágáil ag lucht léinn nó ag seanchairde le roinnt.
Two I'd turn as I was, without age, without pains in bones, not keeps grasses found me out where would be my wish, I would be eternally playing music to her as she is beautiful, smooth voices, with what I gave she made ??love to her home in my heart.
What surprised the young men to talk about women always, Or thinking flavored kisses, that is the Virgin blessed Christ, Two were with me all the territory Fodla, behind not live live month, is alas without you I am married to Una Nia not right.
He would see her Sunday is going out a constitution, was the star of knowledge about it, was going before me in the manner, not seachmalla risk than any fog forever choíchin than her, and the sun did not she call she remains as mutually respectful of my desire.
Her mane is trilseach ring weak woven close to their ears, has two cheeks as the Rosa lily breaking through, a long time ago received the crowds die after my arc lady, owe the place appointed by God provided with accommodation in limitations that Inishnee .
Two she would up in effect advice to be together The time was the Greeks was going to war with Troy, would Eiléan no claim no bhuailfí beat any side, in Paris would one casting Una Nia not right.
If I have all powers in Paris on Bonaparte, a wealth of King of Spain is to get some distance, not two be in m'fháltas pens, dtabharfainnse not over her, with the hope that I would be at the party Una Nia not right.
She Una Ornamental mhómhar would improving the appearance of women territory Fodla, In accord with affection as a courtesy, a crime is a 'popular, Two obtain my choice to build women love nice light, is Una to thoghfainn initially on women life.
It is almost the author éagnaigh not born a year in advance is, before passing men more robust than béarfar again choíchin, Heirciléas as relatives, how close we have two deny? But leave it to academics or old friends some.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.