Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Is nach bhfuil sway na tíre ag Maínis anois le fada an lá,Tá bród is neart ar dhaoine agus inseoidh mé dhaoibh cén fáth, Mar gheall ar bhád Sheáin Antoine atá ar a hancaire ar an trá, Mar sí is deise uilig sa taobh seo anois, í féin agus an Áirc.
Is nach bhfuil bád breá istigh i bhFínis is tá ceann eile sa gCrompán ’Tá ag bualadh báid na tíre agus ag gnóchaint chuile gheall, Níl leathshásamh ag na daoine gan na trí cinn acu a bheith ann, Is nuair a tarraingítí chois na gaoithe iad níl radharc ar bith níos fearr.
Is nuair a tarraingítí chois gaoithe iad is an fharraige bheith ard, Nach bhfeicfeá í seo ar feadh míle uait go leibhéalta ar an trá, Mar bhí creidiúint ag na saortha a raibh sí déanta óna ndá láimh, Mar bhí an uaisleacht bhreá sna daoine is bhí an cheird acu thar barr.
Agus chuaigh sí in aghaidh sruth an Daingin is ní raibh aici ann ach spraoi, Go ndearna sí de thrí leathbhoird Cuan an Fhir Mhóir síos, Nuair a fuair sí domhain na farraige ó dheas de Ros an Mhíl, Nár sheol sí isteach go Gaillimh mar a d’éireodh sí ó dhraíocht.
Is nach raibh fáilte roimpi i nGaillimh nuair a tháinig sí i dtír, Ní raibh oifigeach ná sergeant ná saighdiúir ar an Rinn Nach raibh ag droichead Loch an tSáile nó go bhfeicidís ann í i dtír, Sula mbaintí an chulaith gheal di le í a chur ar an leoraí.
Agus chuaigh sí suas go Wicklow, dá mbeadh Raiftearaí ina shuí, Go bhfeicfeadh sé chomh deas is a bhí sí fúithi agus os a cionn, Mar dhéanfadh sé amhrán fada dhi a mbeadh guth air is é binn, Mar is aige a bhí bua na cainte, port béil agus glór cinn.
Agus scoláirí na scoile seo is é a n-iarrfaidís de spóirt, Ná uair a fháil ón máistir le ghoil síos ar an gcrann mór, A bheith ag comhaireamh bháid na farraige ó Sceirde go dtí an Ceann, Is bheith ag breathnú ar bhád Sheáin Antoine ag goil chun seoil istigh faoin aill.
Agus an lá a raibh sí le seoladh is le n-imeacht as an áit, Nár dheas an radharc le feiceáil í go leibhéalta ar an trá, Mar bhí culaith ghléigeal déanta uirthi ón bposta go dtí an ball, Is nach raibh péire seolta chun cinn uirthi is ceann eile taobh thiar den chrann.
Is an lá ar sheol sí amach i Maínis is ar sheol sí soir an trá, Ní raibh stoirm ann ná gála ach é ina chalm gan an smeámh, Bhí sé ag báisteach amach roimpi aici gur ghlan sí Eanach Mheáin, Is nach bhfuil uaigneas mór ar Mhaínis mara bhfillfidh sí arís ann.
Is nár chaith sí i gcéibh Eachnais ar feadh a chúpla mí nó trí, Dúirt muintir na mbailteachaí nach seolfadh sí go deo arís, Mar go raibh a cuid adhmaid craite go raibh sí ag fáil sean agus críon, Ach ní mar sin atá sí ach ina cailín óg arís.
Is nár mba fada nó go bhfeicfidh muid í ag seoladh i leith ón gCeann, Í dá dhéanamh de na trí leathbhoird is ag stríocadh istigh faoin aill, Í a bheith ar ancaire ar feadh míosa againn is an aimsir a bheith go breá, Is í a bheith le feiceáil go deo aríst againn ar chúl Charraig na bPortán.
Mar is gearr uainn lá na ngeallta is beidh sí réitithe amach chun seoil, Beidh sí le ghoil go Cuigéal, go Casla is go Cill Chiaráin, Beidh togha na bhfear ar fónamh inti, Cóilín Pháidín agus Seán Agus níor sheol sí riamh an caoláire le beirt fhear ar bith ní b’fhearr.
Is nach bhfuil saortha in Inis Leacain is tá saortha in Inis Ní, Tá saortha ar an gCaiseal dá mbeadh seanchas againn faoi, Mar rinneadar báid mhaithe dúinn fós ó thús an tsaoil, Ach is léi seo an bhratach ón gcéad lá ar dearnadh í.
Is nach bhfuil saortha i gCaladh Mhaínse chomh maith ’gus atá le fáil, Tá saortha thíos i nGaillimh agus rinneadar báid bhreátha, Ach caithfidh muid mar a chonaic muid is mar ’chuala muid iad a rá, Go raibh sway na tíre ag saortha Mhaínse ariamh ag déanamh báid.
Is nach iomaí fear ar mhaith leis an t-amhrán seo a scríobh, Tá scilling ar an gceathrú dhe is cosnóidh an páipéar pínn, Nach buidéal rum chúig chnaigín atá súil agam fháil ón saor, Agus scilling ar an teach acu ó bhaile an Mheill Rua síos.
Is not sway the country Maínis now a long time, is proud that many people and I tell Evening! Why, Because boat John Anthony's at anchor on the beach, as she is beautiful all the side now, and the Ark itself.
Is not boat perfectly inside in bhFínis is a one in gCrompán 'is hitting boats nationwide and gnóchaint every reason, not leathshásamh by the people without the three of them to be there, is when tarraingítí addition of wind are not scene any better.
And when tarraingítí repression wind them that the sea be high, not'd see this is a mile from you flat on the beach, as was credit to the freed she was taken from her two hands, as was the nobility loved the most was the craft them outright.
And she went against the stream Dingle that was not her only play, she had three leathbhoird Bay Greatman down, when she got deep sea south of Rossaveel, Nar sailed into Galway to she would arise from the spell.
Is not welcome in Galway when she arrived in the country, was not an officer or sergeant or soldier on the Cape was not a bridge Lough Atalia or may see it there in the country, Before involve the outfit bright her with her ??on the lorry.
And she went up to Wicklow, if Raftery sitting, That he would see how nice she was under and over, as he would long song kinder to a voice it is sweet, As it was victory speech, mouth and voice port ones.
And students of this school is that they seek a sport, not once from the master wept down the tree must, To count boats sea from Sceirde to the Head, is watching boat John Anthony was going to swing inland cliff.
And the day she was to address that with their departure from the place was nice sight seen is a leveling of the beach, as was uniform And bright undergone from by post to the member, is not pair sails forward she is another one behind the tree.
Is the day it sent out in Maínis that it sent to the east of the beach, did not storm or gale but a chalm without the smeámh, It was raining faces her and cleaned Annaghvaan, is not great loneliness of marine Mhaínis she will return there again.
Is not she threw in pier Eachnais for a few months or three, said people mbailteachaí that would send her ever again, as had her wooden shaker that she was getting old and obsolete, not so she is not a young girl again.
Is not were long or we'll see her address to the Chief, S being made ??of the three leathbhoird is by chocks inland cliff, S to anchor a month of us the weather be fine, is to be seen again we forever behind Rock crab.
As soon missed day of stakes that will be sorted out to swing, will she wept that Cuigéal, that Costello is that Kilkieran, will be the best of men to serve it, Colin Fadden and Mr. Nor sailed ever Killary two man any better.
Is not freed is Lacken Ennis Ennis is not freed, is freed on Cashel if we lore about, as we have done boats still benefit from the beginning of life, But the flag from her first day on it has been made.
Is not freed in Harbour Maínis also available, is freed down in Galway and made ??boats are fine, But we need as we saw as' we heard them say, That sway the country freed Maínis never at making boats.
Not many men would like the song to write, is a shilling a quarter of it is protected by paper pens, not a bottle of rum five gill, which I hope from the cheap, and shilling for the home from home Mheill Red down.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.