Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ó, is a Thiarna b’iúd í an áilleacht, sí púcán Mhicil Pháidín, An lá ar fhág sí Crompán Charna, is ar ardaigh sí an crann seoil, Ní bréag atá mé a rá libh leis an fharraige a bhí sí a cháitheadh, Go raibh sí ag titim ina báistigh ar dhá thaobh an chuain.
Ag goil síos ag Stuaic an Mhaoilín áit a raibh timpeall ’s míle daoine, Bhí púcán Bhaibsín roimpi ann is í réitithe amach chun seoil, Is gurb éard dúirt Cathasach Mhaínse go raibh sí déanta ó thogha na saortha, Nach dtiocfadh aon bhád ar an líne seo a bhuailfeadh í chun seoil.
I Roundstone lá arna mháireach, áit a raibh cabaireacht is sárú, Is d’ordaigh sagart Charna iad a chur timpeall Sceirde Mór, Ní raibh aon cheann den naoi gcinn timpeall ach ag colbha Chruaigh na Caoile, Nuair a bhí púcán Mhaínse stríoctha is a cuid fear i dteach an óil.
Ó, molaim féin an barr le meilsceán Mhaínse, An taobh seo aníos ó Inbhear, sé sin is dea-bhád seoil, Is gurb éard dúirt Micil Pháidín nach raibh suim ar bith sa ngeall aige, Ach an bhratach a bheith in airde is é ag seoladh aniar an cuan.
Sé an sórt fear a bhí i Micil Pháidín ná buachaillín ciúin mánla, De réir mar a dúirt a lán liom, bhí sé go rímhaith i dteach an óil, Bhí aithne ar a dhream agam i dtaobh athar agus máthar, Deamhan bréag nach gcroithfí lámh leis ag goil sráid an bhaile mhóir.
Is bhí cailín óg in Árainn, a raibh cúpla míle i ndáil léi, Thug sí grá do Mhicil Pháidín seachas a bhfaca sí d’fhir fós, Ach anois teacht don Fhéile Pádraig, beidh eallach, bó agus bád againn, Is nach bhfuil a fhios ag an saol Ádhaimh nach dochar dúinn braon a ól.
Oh, Lord b'iúd beauty is she recited púcán Fadden, the day she left Crompán Carna, most of it raised the mast, I meant to tell you I'm the sea she was sprayed, Go she was falling báistigh on both sides of the harbor.
Was going down at Pyramid the Mhaoilín where there were about a thousand people, was púcán Bhaibsín before her is sorted out to sail, is consists said Cathasach Maínis she had made ??since the election of the acquitted, not lead to any boat on the line who beats her to sailing.
In Roundstone morrow, where the breach was chattering, is ordered priest Carna Sceirde them around the Great, was not any of nine around but at the Caoile cooled curb, When striped Maínis púcán as part drinking man in the house.
Oh, recommend itself the top meilsceán Maínis, This side up from the Estuary, this is a good sailing boat, is consists said Micil Fadden was not interested in any of the pledge it, But the flag be erected is at resilient address the basin.
It kind of man was Micil Pháidín than boy quiet and gentle, As said a lot to me, he was keenly aware the house drinking, was known to marquee I as father and mother, Daemon lie not gcroithfí hand appetites street of the town.
The young girl was in Aran, which was a few miles on her, gave her love for Mhicil Pháidín than men seeing her yet, But now coming to St. Patrick, the cattle, cows and we boat, is not know at the life of Adam not harm us drop to drink.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.