Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Is nach suarach an pastime a fuair mise, faraor,Ag cur tuairisc phluid dhorcha Leára I leaba a bheith ag freastal amuigh i mo gharraí Nó i ngreim i mo dhá mhaide rámha; B’fhearr liomsa maraithe nó curtha beo i dtalamh Ná a bheith beo roimh an anró atá i ndán dom, Má tá sí sa bpobal, i nglaise nó i gclochar, Dar m’fhocal dhaoibh, cuirfead le fána í!
D’éirigh mé ar maidin is thug mé mo mhaide liom, ’S shiúil mise amach chuig tigh Leára, ‘Éirigh a rud salach, is tabhair comhartha ceart dom Ar éadach leapa do pháistí! An taobh a bhí ceart di, bhí fionnach mór fada air, An taobh eile chomh mín leis an bpláta, Ná déan ach gabh abhaile agus glac comhairle charad Mar dheamhan blas a gheofar go brách di!’
Thóig mise an traein ar uair a dó dheág ’Gus chuaigh mé go Queenstown an lá sin, Shiúil mise Éirinn thart timpeall fré chéile Ansin agus trí Oileán Árann! Théis an méid trioblóide a fuair mé dhá lorg Ó Chorcaigh go bun Chruach Phádraig, Cé mbeadh sí ach sa seomra ag Beairtlí Ó Cuanaigh Le haghaidh Bhríd Óg is a páistí.
Dhá mbeadh sí sa seomra ag Beairtlí Ó Cuanaigh, Chaithfeadh sé amach ar an tsráid í, Ní hé sin d’Aindí nár chleacht ariamh tada Nach raibh faoi ná thairis ach málaí; Bhí leaba ‘thart-thart’ aige ar nós chuile bhacach, ’S bhí a ordóig i bpolláirí a mhná thuas Ar fhaitíos go gcasfaí ann Ciarragán bacach, ’S go dtosódh sé ag goil ar a cnámha!
’S ar chuala tú an battle a bheas thiar anseo i gCaisín, ’Gus tosóidh sé an chéad lá de Mhárta, Beidh soithí na Banríona ann lán suas le airm, Beidh an Turcach, an Francach ’s an Spáinn ann; Tá an Russian ag teacht ann, é fhéin ’s a chuid fearaibh ’Gus tóigfidh an Merican láimh leis, Dheamhan fear a bheas againn a chuirfeas an t-earrach Mara bhfágha muid pluid dhorcha Leára!
Tráthnóna Dé Domhnaigh, chuaigh mise ag siúlóid, Shiúil mé Ros Muc is Coill Sáile, Thart anonn go ndeachas go Dúras Go Cnagaire is Ceathrú na Madraí; Ag goil anoir ag tigh Wallace sea casadh fear feasa dhom, Bhain sé trí toss as na cartaí, ‘Ná déan ach gabh abhaile go dtí an Doirín Darach Mar is ann atá pluid dhorcha Leára!’
’S tá eascainí an tsagairt ag titim ar Aindí, Ó ghoid sé an phluid dhorcha ó Leára, Dheamhan breac a mharódh sé ó Luan go Satharn Dhá mbeadh an fharraige lán leo; Séard dúirt a bhean leis, ‘Tabhair chuige abhaile í ’Gus cá bhfios nach dtóigfeadh Dia an smál dínn, Nach maith atá a fhios agatsa ó aimsir an tsneachta Gur rinne mé léine agus drár dhi!’
Na mná a bhí dhá deilbh, bhí siad faoi dheifir Is níor chuir siad aon chrios ach ar cheann di, Tá bua agam uirthi, ní féidir í a lochtú Ní luíonn na bugs ar phluid Leára; Níl cailín óg dathúil dhá ndéantar a cleamhnas Nach mbeidh ar thuairisc phluid dhorcha Leára, Mar dhá bhfághadh sí trí oíche í le scaradh ar a leaba Bheadh mac aici i gceann na dtrí ráithe!
’S chuir Henry Lochlainn litir chuig Colm, Stampa agus séala uirthi fáiscthe, Gan cónaí ná stopadh go dtéadh sé go Corcaigh Gan aon phínn chostais ná páighe; Bhí sé faoi dheifir ag goil go ríocht eile, ’S níor labhair sé ach aon fhocal amháin leis, Gur daoine gan deifir ná imní faoi obair ’Bheadh ag cur tuairisc phluid dhorcha Leára!
’S tá Henry Mitchell ’s a chlaimhe is a ghunna aige Anseo againn ar Chnocán an Bháire, ’S gur chuala sé i gCorcaigh go raibh sé ina chogadh Mar gheall ar phluid dhorcha Leára; Bhí mé an lá cheana is mé ag siúlóid i nGaillimh, ’S mé ag fanacht go snámhfadh na báid ann, Cé d’fheicfinn ag goil tharam taobh thall ar an mballa Ach seanbhean gheanúil as Malbay.
‘An tusa Aindí Ó Ceallaigh ó thriall mise i bhfad ort? Gabh anall nó go gcraithe mé láimh leat, Beannacht na bhflaitheas le hanam do mharbh ’Gus gabháil dhom “Phuid dhorcha Leára”!’ ‘A chailín óg gheanúil, pé ar bith cérb as thú, Ní maith liom thú a mhaslú sa gcás sin, Tá mé trom tuirseach ó d’fhág mé an baile Ag imeacht is maide ins gach láimh liom!
Olann gan bealadh, is deacair í a scalladh, Ní féidir í a shníomh ná í a chardáil, Dhá bhfághainnse braon fuisce a thóigfeadh mo mhisneach Is deas a déarfainn ‘Pluid dhorcha Leára’!
Bhí mé an lá cheana is mé ag coimhlint thar carra, Sea chonaic mé an feithideach gránna, Bhí rud mar a bheadh trach ann aige faoina ascaill, Bhí an phluid dhorcha síos lena shála; Lig mé fead ar an mada go ndíbreoinn ón teach é Ar fhaitíos go scanródh sé an páiste, ’Gus cé d’fheicfinn agam ach Aindí Ó Ceallaigh ’S ní thiúrfainn deoir fhola le náire!
It is despicable that the pastime I got, unfortunately, Taking a dark blanket description Leára In bed to meet outside in my garden Or Stuck in my two oars; I'd rather have been dead and buried alive Do not be alive before the hardship facing me, If she is in public, Greening or convent, According Evening! my word, it will take a slope!
I left in the morning I took my stick with me, and I walked out to the house Leára, 'Get up to something dirty, the signal correct me on bedding for children! The side she was right, it was a long fionnach, the other side of the plate as smooth, Do not just go home and take a friend's advice as devil taste never found her! '
Thóig am the train on time twelve And I went to Queenstown the day, I walked Ireland around shelf together then and three Aran Islands! Having been seen by the amount of trouble I got two for From Cork to set up Croagh Patrick, While she would but in the room at Beairtlí Cooney for Young Bride as children.
Two in the room she would Beairtlí Cooney, It must be out on the street, that's not always in practice not anything Andy was not under or over but bags; was bed 'about-about' him like every beggar, And was a thumb in women above bpolláirí for fear that any encounter Ciarragán lame, and he was going to begin his bones!
And did you hear the battle to be behind here in gCaisín, and will begin the first day of March, Vessels Queen there many up arms, will the Turks, the French and Spain there; The Russian coming there, himself and his men of and tóigfidh the merican beside, devil man we'll communicates the spring Sea of obtaining we Leára dark blanket!
Sunday afternoon, I went to walk, I walked Rosmuc the Wood Sea, Around back did I go to Durrus In woodpecker is Fourth of Dog; At appetites gratified by house Wallace sea turns man-how for me, He took three toss out the cards, 'Do not just go home to Green Oak as there are Leára dark blanket!'
And swearing the priest to fall on Andy, from stealing the blanket dark from Leára, devil trout would kill it from Monday to Saturday Two have the sea many who; comprise said his wife to him, 'Take him home and who knows not God stigma dtóigfeadh us, not good is that you know from the time the snow that I did and drár kinder shirt! '
The women were two sculptures, they were in a rush is they did not zone but one it, is I win it, it can not be criticized not lie the bugs on blanket Leára; not young girl handsome two whose affinity Will not a dark blanket Leára report, as two bhfághadh she is three nights on a bed separation would her son in one of the three quarters!
And put Henry Loughlin letter to Colm, stamp and seal it tight, No resident or stop he went to Cork No pen costs than wages; It was a rush by appetites that other kingdom, and never spoke but one word to him, that people without hurry or worry about work 'by a report would Leára dark blanket!
And Henry Mitchell and his sword is a gun he Here we Mount Sheep, and that he heard in Cork it was a war Due to blanket dark Leára; I was the other day as I walk in Galway, and I waiting to float the boats, Who was going past me I'd see the other side of the wall But loving old lady from Malbay.
'Are you the Andy Kelly from whence I am far you? Go forth or gcraithe I handed you, greeting heaven with soul killed and accompanied me "Phuid dark Leára"!' 'A young girl loving, whatever any IBRC from you, I do not offend you in this case, I have heavy tired since I left home at an event that I stick in each hand!
Wool without lubricants, scald it is difficult, not to weave can not be carded Two drops of whiskey thóigfeadh bhfághainnse my courage is nice, I would say 'dark blanket Leára'!
I was the other day when I was at conflict over the article, Yes I saw the feithideach ugly, was something like a trough there about his arm, was the blanket dark down their heels; I let whistled the dog to ndíbreoinn the house is On it scanródh fear that the child, and I'd see just how Andy Kelly And not a drop of blood thiúrfainn a shame!
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.