Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ó, bhí mé oíche taobh istigh Fhéil’ Bríde, Ar faire thíos ar an mhullach mhór, Agus tharla naí dom a dtug mé gnaoi di, Mar bhí sí caoitheamhail lách álainn óg; Sí go cinnte a mhearaigh m’intinn, Agus liaigh na bhFiann, ó, ní leigheasfadh mé, Agus tá mo chroí istigh ina mhíle píosaí Mura bhfághaim cead síneadh lena brollach glé.
Is fada an lá breá ó thug mé grá duit, Agus mé i mo pháiste beag óg gan chéill, Is dá mbeadh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom, Nár chuma liomsa, a mhíle stór; A mhíle grá, tá cách ag rá liom, Gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás, Agus níl lá margaidh dá mbíodh sna Gearailtigh Nach mbeadh cúl fathmhainneach is mise ag ól.
A chailín donn deas, a chuaigh i gcontúirt, Órú, druid anall liom is tabhair domh póg, Agus leatsa a shiúlfainnse cnoic is gleanntáin, Agus Baile an Teampaill dá mbíodh sé romhainn; Ach anois ó tá mise cúrtha cráite, Agus lig mé páirt mhór de mo rún le gaoith, A Rí atá i bparthas, órú, déan domh fáras, I ngleanntáin áille lena taoibh.
Oh, I was inside Feale night 'Bride, On Watch below the big top, and infant occurred to me that I gave love to her, as she was beautiful natured young caoitheamhail; She sham, and physician soldier, cure me, and my heart is in a thousand pieces If permission bhfághaim extending its preamble clear.
A long time now since I have loved you, and I child young little foolish, as if my whole family angry with me, Did not seem to me, dearest; A sweetheart, everyone is telling me, That the love of you I will die, and there is market day in Gearailtigh two former would not back fathmhainneach'm drinking.
A brown girl pretty, went in jeopardy, ORU Come over here with me is give me a kiss, and you, who walk hills and the valleys, and Churchtown if it was coming; But now I am finished, tormented, and I let a big part my secret of the wind, a King in paradise, ORU, not me fáras, in beautiful glens his side.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.