Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Á muise, a Mháire Bhán, a mhíle grá, nach thú caraidín mo chroí, Ach lig mo dheaslámh faoi do cheann nó ní mhairfidh mé beo mí, Mar shnámhfainn abhainn na hEorpa leat agus an tSionainn mhór i do dhiaidh, Mar thug tú an barr leat an lá údan ó Bhaile Locha Riach.
Agus ní chreideoinn ar mo chapall agus dhá n-abraínn an tsrian, Ná na páirceanna móra bána a mbíodh muide ann ag fiach, Is ná a ndeachaigh dhe na báid mhóra Cuan na Gaillimhe le bliain, Nó gur thrácht muid ar na mná bána a bhí i mBaile Locha Riach.
Á muise, a Mháire a bhfuil mise i ngrá leat anois le fada riamh, Níor lig an náire dom a bheith ag tráchtadh ort anois le dhá bhliain, Do chúilín álainn a bhí ba deise ná an ghealach is ná an ghrian, Nárbh é an sonas é a bhí i ndán dhomsa agus tusa a bheith i mo dhiaidh.
Mar dhá mba liomsa féin Port Omna agus baile mór Bhleá Cliath Luimneach agus Londain is Baile Locha Riach, Nach do mo stóirín féin a thabharfainn a leath mhór agus a thrian, Le súil is go mbeinn i gcleamhnas léi lá fada agus bliain.
Is tabhair mo bheannacht uaim go Conamara agus do na Connachtaigh ó thuaidh, Tabhair mo bheannacht chuig mo vailintín nach bhfaca mé go fóill, Is ná dearmad go deo deo an ógbhean a raibh mise is í seal dár lua, Mar sí an tSionainn mhór a choinnigh mise atá líonta go dtí an bruach.
Being Well, Mary White, O my love, that you are caraidín my heart, But let my right hand under your head or not last I live month, For shnámhfainn river Europe you Shannon and large behind, As you gave the top the day you yon from Loughrea.
And chreideoinn on my horse and two their abraínn the bridle, not the large fields of white that had We're there to hunt, is not affected him the larger boats Galway Bay with years, Or that featured us on the white women had Loughrea.
Being Well, Mary is in love you now by far ever, not let the embarrassment for me to comment you now two years, your locks beautiful had been nicer than the moon or the sun, Had not the happiness it was destined dhomsa and you have behind me.
As if I own two Portumna town of Dublin and Limerick and London as Loughrea, not for my own darling be that big half and thirds, Hoping that I would be in kinship with her ??long day and year.
And give my blessing me to Connemara and the Connachtaigh north, Give my blessings to my valentine I have not seen yet, is remember forever forever the young woman that I did is turn our state, as a Shannon large kept I filled to the brink.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.