Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
D’imigh mé ar fuaidreamh lá a bhí cineál fuar,Nó go mbaininn sláimín scuab ar an gCaolach, Ach bodhraíodh suas mo chluasa le rud eicínt a bhuail mé, Agus shíl mé go raibh an slua sí in mo thimpeall, Chonaic mé an bhean uasal ar an lámh taobh ó thuaidh dhíom I gcosúlacht a bheith ag gluaiseacht go dtí mé, Nach mise a bhí go suarach nach ndeachaigh faoina tuairim, Agus thiúrfadh sí dhom tuairisc cá mbíonn sí.
Bhuail aiféala chomh mór mé gur imigh mé dhá tóraíocht, Gur thóraigh mé Dúiche Sheoigheach is Both Íseal, Dhá bhinn déag na mBeanna Beola, as sin go Baile an Róba, As sin tré Uarán Mór is go Míonlach, Bhí sé ina thráthnóna sul bhí mé i gCoill an Róistín, Is gan fios agam cá bhfaighinn lóistín na hoíche, Ní dhearna mé aon chónaí go ndeachas go Ceann Boirne, Is as sin siar go tórainn Rinn Mhaoile.
Casadh fear ar fónamh dhom, Aibhistín Ó Tnúthail, Ba feiliúnaí a chomhairle le déanamh, ‘Mara bhfágha tú í níos cóngaraí, téirigh go Cnoc an Dúna, Is tiúrfaidh siad dhuit cuntas cá mbíonn sí.’ Fuair mé bád is iomlacht siar go hInis Múscraí, Is cuireadh go Ceann Gólaim aríst mé, Ach d’inis Uaitéar Cúca ag gabháil aniar trí Aill na Brún dhom, Gur ag tóraíocht Bheairtlín Dhomhnaill a bhí sí.
Is éard dúirt Beairtlín Dhomhnaill nach raibh pioc inti ach óinseach, Is í ag tíocht faoi mo chomhair ins an tír seo, Ní tharraingeodh sí cliabh móna, maidin ná tráthnóna, Is ní thiúrfadh sí aon chúnamh dhom choíche, B’fhearr liom gearrchaile óg ar a mbeadh aithne agam is eolas, Cead agam dul i gcomhrá lena muintir, Tá seandaoine d’fhir óga ar an mbaile seo gan pósadh, Is measaim gur dhá dtóraíocht a bhí sí.
I left suspended days were kind of cold, Or mbaininn sláimín brush on the battens, But bodhraíodh up my ears with something regarding to hit me, and I thought she was the crowd around me, I saw the lady on the north arm off me I likened to move me, not I was so contrived their opinion did not, and she thiúrfadh report me where she is.
Hit regret as I need that I left two treasure, That Tory I Joyce Country as Kiosk Low, Two peaks thirteen Twelve Bens, then Ballinrobe From then through Oranmore is a minority, It was evening before I was in woods Róistín, is not I suggest accommodation where can I get the night, I did not do any live did I go to one Burren, from west to limit Renvyle.
Turning man serve me, Austin From Newell, was appropriate to the council to do, 'Sea of obtaining you is closer, téirigh to Hill Point, is will bring me they thee an account of where she is.' I got a boat iomlacht back to Ennis Múscraí, is again invited Gólaim Head I, But Walter told Cuca accompanied by Cliff west of Brown me, that pursue Bheairtlín O'Donnell she was.
Beairtlín said O'Donnell is not merely foolishly pick, is coming up on me in this country, not a basket involving peat, morning or evening, is not any assistance thiúrfadh me forever, I'd gearrchaile young I would have known that information, I allowed to chat with loved ones, are older young men in the village without marriage, a pursuit I think that she was two.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.