Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Tráthnóinín deireanach Dé Luain is é ag báisteach, Is ea casadh tigh Sheáin mé agus shuigh mé síos, Dhearc mé an ainnirín ins an gclúid taobh thall díom, Is ba deas é a gáire agus a leagan súl.
Ba dheise dheirge í ná an chraoibhín chaorthainn, Is ba dheise méin í ná an eala ar snámh, Ach chuaigh mé ins an seanchas go cé dhar díobh í, Is go mba le Frainc ’ac Conaola í an cailín breá.
Tá sí tóigthe le scoil is le foghlaim, Mar fuair sí eolas ar leabhar is ar pheann, Bhí máistir scoile ins an teach ’na chónaí, Is bhí neart den fhoghlaim go fairsing ann.
Nach í an trua í a bheith ar thamhnach sléibhe, Gan í bheith gléasta le síoda bán, Mar a scairtfeadh an ghrian ar a brollach gléigeal, Is tá na céadta fear léi ó! titithe i ngrá.
Is tá Prince of Wales ag tíocht dhá héileamh, Is tá Rí na Gréige ann is an eala ar snámh, Ach tá dream ar farraigí agus soithí ag seoladh, Ach tá an t-ádh go deo deo ar mo Nóirín Bhán.
’S nach ait an teach é tigh Frainc ’ac Conaola, A dúirt na daoine a bhí ag tarraingt ann, Tá bia go fairsing ann agus puins dhá roinnt ann, ’S tá gach ní gan costas ag fear le fáil.
Tráthnóinín last Monday is raining, Yes I met Jack's house and I sat down, I saw the maiden in the gclúid beyond me, is was nice to laugh and glance.
Redness of prizes than the rowan small branch, a mood of prizes than the swan floating, But I went in the lore that is how are his people, is that if a Frank 'The girl Conaola his love.
Tóigthe She is learning to school, as she got a book on information pen, was school master in the house 'of living, is plenty of learning were abundant.
The pity is not being Thamhnach mountain, Without her being dressed with white silk, As scairtfeadh the sun shining on his breast, a man she has hundreds of! fallen in love.
The Prince of Wales is a two claim ola, is King of Greece is there swan floating, But seas and a group of ships sailing, But lucky forever forever my Noreen White.
And the house is strange that Frank house, 'his Conaola, said the people who were pulling it, food is abundant and some puins two there, and is not without cost every man available.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.