Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Dá mbeinnse féin i Mám an Gharra,Dúch is páipéar a bheith agam ann, Ba dheas a scríobhfainn i ndubh ’s i mbán é, An moladh álainn ’bhí ar an ghleann, Sé a ndéarfainn d’impí ar Rí na nGrásta. Intleacht Hómair a bheith i mo cheann ’S gur lena mhaitheas ba mhian liom trácht air, Ach faraor géar go bhfuil m’intleacht fann.
Séard dúirt fear as Acaill liom, ‘Ná bíodh ort buaireamh, Ná bí ag gol ’s ag éagaoin in éis Chúl na Binn, Bhéarfaidh mise bean duit is dhá chéad bó léi, Is acra móinéir in aghaidh an chinn, Báid is eangachaí is iad in éineacht A thabharfadh éadáil isteach ón toinn, Is sílim péin, péin gur fearr an méid sin Ná bheith ag gol ’s ag éagaoin in éis Chúl na Binn.’
’S dá dtugtá bean dhom is dhá chéad bó léi, Is acra móinéir in aghaidh an chinn, A bhfuil de bháid is d’eangachaí as seo go Bó Finn, Saibhreas Sheoirse is faighim iad cruinn, Ó b’fhearr liom acra den bhogach bháití Atá idir an Máimín is Inse an Draighin, Cead rince le cailíní lá saoire is Domhnaigh, Thart ar na bóithrí úd i gCúl na Binn.
Tá an loch is sáimhe ann dhá bhfuil in Éirinn, Tá na báid ag éirí air ó thonn go toinn, Don té a chleachtaigh é is tá anois dhá thréigint, Nach beag an dochar dó a chroí a bheith tinn, Tá daoine uaisle i mbarr an tsléibhe ann, Ag déanamh eirleach ar chearca fraoigh, Tá an bradán broinngheal ag tíocht ón tsáile ann, Ag fearaibh Éireann le fáil gan pínn.
Ní cháinfead Acaill cé gur mian liom a fhágáil, Is deas an áit é ag strainséirí, Tá bia agus leabaí ann ’s céad míle fáilte Is comhrá tláith ann le teacht na hoích’ Ach mar an t-iasc a thigeas le nádúr I ndéidh a dháta a chaitheamh amuigh fán toinn, Sé a fhearacht agamsa dhá bhfaighinn an pálás, B’fhearr liom árás beag i gCúl na Binn.
Tá litir scríofaí agam anois faoi shéala A chuirfeas mé amárach go Cúl na Binn, Go bhfuil mé i mo luí le tuilleadh is ráithe Le pianta áirid ’s le tinneas cinn, Ach más é seo an cúrsa a gheall Dia domsa, ’S gur le méid mo chumha a liathfadh mo chinn, Mo chúig céad slán leat, a loch aduain, Is na coillte dlúth atá i gCúl na Binn.
If I own the Gharra MAM, ink-and-paper I have there, would like to scríobhfainn in black and white, is the beautiful praise 'was on the valley, He ndéarfainn to urge King of grace. Intelligence Hómair to be in my head and that his goodness I would mention it, But sadly is faint m'intleacht.
Comprise said a man from Achill me, 'Do not you care, Do not weep and lament in a Back of the Hill, I shall woman you two hundred cows to her, is acres of meadows per head, Boats eangachaí are in together A would acquisition in the waves, a think Pein, Pein so much better not be crying and lamenting in a Back of the Hill. '
And if a woman dtugtá me her two hundred cows, a meadow acres per head, Whose boats eangachaí most of this from Bo Finn, Wealth George that I get round them, Oh I'd bháití acres of wetlands Forming between the most Máimín Blackthorn Islands, Permission dance with girls holiday is Sunday, Around the road, the Binn unrelated Reserve.
The lake tranquility of two is in Ireland, is the boat is getting it from the waves to the wave, For those who practiced it as there are now two abandoned, not small the damaged heart to be sick, are gentlemen in top of mountain there, making inflicted on hens grouse, is salmon is coming from seawater broinngheal there, the men of Ireland found without pens.
Not cháinfead Achill though I want to leave, is a pretty wonderful place by strangers, are food and beds and welcome a conversation tláith able to find of the night ' But as the fish thigeas nature In ndéidh to date wear out under the wave, He as also my two obtain the palace, I would prefer a small home in the Hill Reserve.
A letter scríofaí I now sealed A signifies tomorrow to back of the Hill, That I lie a further three months For pains some limited and a headache, But if this is the course that God promised me, And that with what my liathfadh grief of my head, my five hundred goodbye, a strange lake, is the dense woods in the Hill Reserve.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.