Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
’S tá féar fada is fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile, ’S tá úllaí agus airní agus mil ag fás ar bharr na gcranna, Dá mbeinnse is mo stóirín pósta is an saol ag gabháil mar ba cheart linn, Bheadh an t-airgead inár bpócaí agus luach an óil ag bean an leanna.
’S tá cailín óg ar thaobh an tsléibhe is nach deas an féirín í le mealladh, Ó, chaith mé fhéin an oíche aréir ag súil go bhféadfainn í a thabhairt abhaile, Gur chúitíos le Seán Seoighe a bheith romham ar na bealaí, ’S bhain sé coróin díom ar mo lóistín ’gus sé pínne ar mo leaba.
Is tá smúit ar na réaltaí, ar an ngréin is ar an ngealach, ’S ar amharc mo shúl fhéin ’gus ní léir dhom na bealaí, Mar tá cuaichín i nGleann Néifinn nár fhéad mé riamh a mhealladh, ’Gus a stóirín, tabhair ón bpéin mé, ós í do mhéin bhreá a bhíonn do mo lagan.
Is dá mba liomsa oileán Éireann fré chéile agus an Bhreatain, Nó a bhfuil den ór craobhaigh ag Séarlas Ó Fathaigh, Is nach dtabharfainn uilig go léir iad as ucht mo chéadsearc a bheith agam, I ngleanntán mhín Néifinn nó i mBéal an Átha Fada.
’Gus fágfaidh mé an áit seo mar tá sé an-uaigneach, ’Gus leanfad de mo ghrá bán ins chuile áit dá bhfaighidh mé a tuairisc, ’S ní léir dhom na crosbhóithrí, tá na deora do mo dhalladh, Sé mo léan gan teach mo lóistín san áit a gcóiríonn tú do leaba.
And long grass is overgrown in glens beautiful far from home, and apples and sloes and honey are grown on top of gcranna, If I and my darling married life attached properly during, would the money in pockets and value the woman drinking the beer.
And a young girl on the side of the mountain is not nice gift is to attract, Oh, I threw myself last night hoping that I could bring her home, That chúitíos John Joyce to me the ways, and he won a crown me on my accommodation and pínne it on my bed.
Is a smudge on the stars, the sun is the moon, and a view of my eyes myself and I can not see the ways, as a Cuckoo Glen Nephin could not I ever attract, and Misty, give the pain I, regards it as your love is my Lagan.
Island me if Ireland and Britain alike, is essential, Or is the gold craobhaigh by Charles Fahey, is not all they would give all my sweetheart for his I have, I Nephin gentle vale or Long Ballina.
And I will leave this place as it is very lonely, and leanfad of my loved in every place if I get a report, and I can not see the crossroads, there are tears to my blinded, He is my sorrow without house my accommodation in gcóiríonn you where your bed.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.