Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Aréir tháinig triúr isteach agam le titim cheo na hoíche,’Gus d’fhiafraíodar théis beannú dhóibh, ‘An bhfaca tú an bhean sí? Mar siúd í a ruaig as baile muid is a ghiorrós lenár saol Ní bheidh beo a bhfuil romhainn go maidin má thagann sí ’na tí.’
Níorbh fhada nó go gcuala muid an siúl isteach sa tsráid, ’S a chomharsanaí na gcarad, nach muid a bhí sa ngábh, Bhí claimhe faoina hascaill is fallaing ar a bráid, ’S ar nós chuile ghaiscíoch bhí sciath chosanta ina láimh.
Beidh caint is cáil aríst go brách ar throid na hoíche aréir, Mar níl aon áit abhus ná thall nach leathfar ann an scéal, Nár mhór i gceist Cath na bPunann nó an troid a bhí i mBearna an Dúin, Ach níor thada é do na cearrbhachaí ag iarraidh an taise a chur ar gcúl.
’S chuaigh an troid ’un cinn i dtús na hoíche is ceathrar againn a bhí ann, Ar fud an tí ó thaobh go taobh, anonn agus anall, Ag iarraidh í a chloí le spreacadh ná brí, ní raibh aon mhaith dhúinn ann, Ach a bhfuil sa ríocht is bídís cruinn ní chuirfeadh í ar lár.
Níl fear ar bith dár bharúlaí dár tógadh ariamh san áit, A bhfaigheadh sí barróg faoi bharreasnacha nach gcuirfeadh sí air breall, Lena fiacla fada fuara stróic sí an ghruaig anuas dár gceann, ’S níl iarraidh ar bith dá mbuaileadh sí nach dtéadh sí go dtí an chnámh.
Saol fada go bhfaighe an Flathartach, go brách ná raibh sé tinn, Mar níl aon uair dá spreagainn é nach neartaíodh sé dhá dtrian, An uair a bhínnse leagtha is an taise os mo chionn Gur le neart a lúith is a ghaisce, bhí sé in ann í a chur as greim.
Ach d’imigh sí mar a tháinig sí is d’fhág sí muide tinn, Is an chuid againn nach bhfuil bacach d’fhág sí an arraing ina dhroim, Ach tá mé cinnte dearfa is cér miste liom é a rá Gurb é fear na maighdine mara é is é gléasta in éadach mná.
I came in last night to drop three of the night mist, and a thesis fhiafraíodar greet them, 'Did you see the woman she? For those who chased it away as we ghiorrós our lives will not live with the next morning if It 'the house.'
It was not long until we heard the walk into the street, and his neighbors friend, we were not in ngábh, was a sword under his robe at avenue to it, and such a protective coating every warrior had in his hand.
Will talk reputation again never fought last night, as there is no place here than over there that dissemination there the story, not been considerable in the Battle of the Portfolio or the fight was in Gap Down, But not Thada is the cearrbhachaí trying to put the moisture back.
And joined the fight 'un promote early night as four of us were there, around the house from side to side, back and forth, trying to counter with vigor meaningful, there was no good for us there, But the kingdom is not exactly whether it would lapse.
Not any man of our bharúlaí our built ever in place, A she would hug about bharreasnacha it would not him pouting, Lena long teeth cold tore her hair from our heads, and not missing any of mbuaileadh She did not used it to bone.
Life will soon get the Flathartach, forever or he was ill, as there is no time both spreagainn not tightened two thirds, the time bhínnse set the humidity above me That strength to agility as a hero, he was there is removed from grip.
But she left as she was leaving We're sick, are we the lame are not leaving the arraing a reason, but I'm convinced that I mind is not whether to say That man virginal marine is dressed in woman's clothing.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.