Mná spéiriúil Ros an Mhíl

Women cheerful Rossaveel
Home | Tags: Sean-Nós | Submitted by seanog
Do you have any further information about this song? Edit this page and help us expand this section.
Do you have any further information about this song? Edit this page and help us expand this section. ^close

Irish

Bhí an ghaoth aduaidh go síoraí ag séideadh is mé i m’aonraic lá agus oíche,
Mo chroí taobh istigh dhá réabadh ar thaobh sléibhe i ngrá le mnaoi,
Ní bean a bhí ’mo dhiaidh-sa ach na céadta ar fud an tsaoil,
Nó ní mé an mbeinn sách géimiúil ag mná spéiriúil Ros an Mhíl.

Trua ghéar ariamh má ghéill mé más fíor nach mbeidh mé i ngreim,
Mura bhfaighidh mé gean ó chéile ón gcéad bhean mar chuir mé suim,
Cé acu ceann ab fhearr liom nó cá bhfuil na mná breátha a shíl
Nach bpósfainn bean as Árainn dhá bhfaighinn aird i Ros an Mhíl.

Is cé ar bith céard atá i ndán dhom tá an dán seo ag ritheacht ón gcroí,
Ar chúntar nach mbeadh mórán ar an amhrán ag cur caí,
Is fíor faoin Suibhneach álainn, ag tabhairt grá d’iníon maoir,
Thug mise m’aghaidh ar Árainn ’s ar bhean óg as Inis Oírr.

Bhí mise seal as Éirinn scaitheamh ag léitheoireacht ’s ag scríobh,
Thrí pháirceanna a bhí réabthaí ag céachtaí ag treabhadh thríothu,
Bhí galúin ag cur thar barr ann is gloineachaí thar maoil,
San áit nach raibh mná Árann ná mná rua as Ros an Mhíl.

Is bhí carthanacht le fáil agam ’s bhí cáil go raibh mé grinn,
Bhí cailín óg i ngrá liom ag teacht thar sáile anall thar toinn,
Is anois má tá mé tóiriúil ar mhná óga a dhamhsódh ríl,
Is bean í a tógadh in Árainn nó bean rua atá i Ros an Mhíl.

Má tá mé ag bualadh bóithrí i gcruth ceardaí gan aon tslí,
Bhí mé i gcoláiste i gCalifornia i measc mná óga a d’fhoghlaim dlí,
An té a bhuailfeadh inniu ar pheann mé tá sé gann ar fud an tsaoil,
Níl sé beirthe fós in Árainn ná pósta i Ros an Mhíl.

Is má thit aon bhean san áit seo i ngrá le fada ariamh,
Níor thug mé mórán airde ar mhná óga fós ó shliabh,
Ach shnámhfainnse go hÁrainn is ó Chionn tSáile gan aon bhaol,
Is a liachtaí lá breá a sheol mé ó Chill Rónáin soir le gaoth.

English (machine translation)

The north wind was blowing relentlessly as I m'aonraic day and night,
My heart within two rupture on the mountain in love with a woman,
not a woman who was' after me but the hundreds around the world,
Or I would I not rather géimiúil women Rossaveel cheerful.

Pity ever if I did if true I will not bite,
If I find favor with each other from the first lady as intrigues me,
which one I'd prefer or where women are fine thought
Not bpósfainn woman Aran two obtain attention Rossaveel.

Although any is what's in store for me this poem is running and the heart,
provided that there would be many of the songs taking IMF
is truly beautiful about Suibhneach, giving love your daughter stewards,
gave I my face on Aran and Aran young woman.

I was from Ireland scaitheamh turn at reading and writing,
Three parks were by plows plowing réabthaí thríothu,
was taking over the top gallons there gloineachaí overflow,
Where women were not red from Aran than women Rossaveel.

And she had a charity I receive and had known that I was a comic,
was a young girl in love with me coming over the sea here come from over the sea,
is now if I tóiriúil young women to dhamhsódh reel,
a woman was taken in Aran or woman red Rossaveel.

If I'm in shape craftsman hitting road, no way,
I was in college in California among young women who learned the law,
the one who would strike me today to pen it is scarce throughout the world,
is not yet born in Aran than Rossaveel married.

As if dropped any woman in this place in love has existed,
did not give me much attention on young women still from the mountain,
But shnámhfainnse to Aran is from Kinsale without any risk,
is to liachtaí fine day I launched from Kilronan east wind.

Warning: This is a machine translation!
Can you help us provide a proper one?

Chords

We will work out the chords for you on request.
There's no YouTube video for this song.
Can you submit one?