Máire Mhór
Mary GrandIrish
Dhá bhfeicteá Máire Mhór is í ag goil suas sráid na Gaillimhe,
Gan falach ar a bráid ach cóta mór an charraera,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Ó, grá mo chroí thú, a stóirín, mar is thú nach ndéarfadh tada liom
Mar is tú a chuirfeadh na fataí móra i dtaisce ar leic an teallaigh dhom
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Dhá mbeinnse in Órán Mhór is mo bhád seoil a bheith faoi lucht agam,
Nach deas a thornálfainn an ród ach Máire Mhór is í ar an teile agam,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Mara dtiocfaidh tú mar a gheall tú go mbáitear ins an gcurach thú!
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Tá an ghealach ar an aer is tá na réaltaí ar an bhfarraige,
Tá útha na mba ag pléascadh le méid a bhfuid de bhainnne acu,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Ó éirigh suas, a Mháire, tabhair an cárt is an galún leat,
Bligh do bhó go láidir is nach dtálfaidh sí neart bainne dhuit,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Nach deas an bhean í Máire lá aonaigh nó lá margaidh,
Ach is deise í lá Márta i gceann an bháidín iomartha,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Mara dtiocfaidh thú mar a gheall tú go mbáitear ar an gcladach thú!
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Dhá mbeinnse thiar tigh Mháire Ní Chéirín is mo chuid éadaí a bheith go deas orm,
Is nach iomaí fear a déarfadh ‘Faraor géar gan thú sa leaba agam!’
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Tá bean agamsa in Árainn Mhór is bean eile in Inis Bearachain,
Ach mo ghrá sí Máire Mhór an bhean ab fhearr ar fad acu,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Dhá bhfeicteá Máire Mhór is í ag goil siar thrí bharr na ngarrantaí,
A tóin in aghaidh na gaoithe is a bolg in aghaidh na farraige,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
A bhfuil d’uisce i Loch Éirne is de ghalaoireach tigh Chlochartaigh,
Ní ghlanfadh Máire Mhór de bharr iascairí na Gaillimhe,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Mar ní le faochain ná le báirnigh ná le bláth na sciolláin dhearga,
A mheallfaidh mise Máire ach le brandy láidir Shasana,
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
Mara dtiocfaidh tú mar a gheall tú go mbáitear ar an tuile thú!
Is óra a Mháire Mhór, is a Mháire Mhór an dtiocfaidh tú?
English (machine translation)
Two Great Mary is used to see was going up the street Galway
Without falach his overcoat to it but the carrier,
is Mary Oops Great, Great Mary as the lead you?
Oh, my heart love you, darling, as you do not say anything I
As you would deposit large potatoes on door- me
is Mary Oops Great, Great Mary as the lead you?
Two I would be in Oranmore Great is my sailing boat to be people I
Not nice thornálfainn the roadway but Mary Mainland is the poop I,
a born and raised Mary the Great, is a Mary Great Will you?
Mara you come as you because in the currach mbáitear done!
the Big Oops Mary, Great Mary as the lead you?
The moon on the air are the stars of the sea,
is the udder were exploding with what bhainnne bhfuid of them,
is a Mary Oops Great, Great Mary as the lead you?
From rise up, Mary, give the liquor a gallon you,
Bligh bovine dtálfaidh strong she is not strength thee milk,
is a Mary Oops Great, Great Mary as the lead you?
Not nice lady Mary day fair or market day,
But right s of March in one of the boat rowing,
is Óra Mary the Great, is a Mary Great Will you?
Mara enters you as you promised to mbáitear shore done!
the Big Oops Mary, Great Mary as the lead you?
Two houses behind Mary I'd Chéirín not my clothes be nice to me,
is that many men would say 'you are sadly not in my bed!'
The Big Oops Mary, Great Mary as the lead you?
My wife is in Arranmore another woman in Ennis Bearachain,
But I love the woman she Great Mary preferably all of them,
is a Mary Oops Great, Great Mary as the lead you?
Two Great Mary is used to see at the top of three previous appetites walled fields,
A butt against the wind his belly against the sea,
is a Mary Oops Great, Great Mary as the lead you?
With water in most of Lough Erne ghalaoireach Chlochartaigh house,
not due to cover the Great Mary Galway fishermen,
is a Mary Oops Great, Great Mary as the lead you?
As with periwinkles or limpets or flower sciolláin red,
To attract yours Mary but with brandy strong England,
is Óra Mary the Great, is a Mary Great Will you?
Mara you come as you promised to mbáitear the flood done!
the Big Oops Mary, Great Mary as the lead you?
Warning: This is a machine translation!
Can you help us provide a proper one?