Eanach Cuain
AnnaghdownIrish
Má fhaighimse sláinte is fada a bheas tráchtadh
Ar an méid a báthadh as Anach Cuain,
’S mo thruaigh amárach gach athair is máthair
Bean is páiste atá ag sileadh súl,
A Rí na ngrásta a cheap neamh is parthas,
Nár bheag an tábhacht dhúinn beirt no triúr
Ach lá chomh breá leis gan gaoth ná báisteach,
Agus lán an bháid acu a scuabadh ar siúl.
Nár mhór an t-ionadh os comhair na ndaoine
Iad ’fheiceáil sínte ar chúl a gcinn,
Screadach is caoineadh a scanródh daoine,
An ghruaig á cíoradh, is an chreach á roinnt,
Bhí buachaillí óga ann ag teacht an fhómhair
Dhá síneadh ar chróchar ’s dhá dtabhairt go cill
’S gurb é gléas a bpósta a bhí dhá dtórramh,
’S a Dhia na glóire, nár mhór an feall.
Ansiúd Dé hAoine sea chloisfeá an caoineadh,
Ag teacht gach aon taobh dhíot ’s an greadadh bos,
Is a lán thar oíche, trom tuirseach cloíte,
Gan ceo le déanamh acu ach ag síneadh coirp,
A Dhia is a Chríosta a d’fhuiling íobairt,
A cheannaigh go fírinneach an bocht is an nocht,
Go parthas naofa go dtugair saor leat
Gach créatúr díobh dár thit faoin lot.
Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe
Ar an áit ar éagadar ’gus milleán crua,
Mar is iomaí créatúr a d’fhág sé ag géarghol
Ag sileadh is ag éagaoin gach maidin Luain,
Ní díobháil eolais a chuir á dtreoir iad
Ach an mí-adh mór a bhí sa gCaisleán Nua
Sé críochnú an amhráin gur báthadh mórán,
D’fhág ábhar dóláis ag Anach Cuain.
English (machine translation)
If I get health and many will comment
on the amount drowned from Annaghdown,
and my thruaigh tomorrow every father and mother
Woman child dripping eyes,
King of grace thought heaven and paradise,
considerable importance to us two or three
But as fine day with no wind or rain,
and many of the boats have a sweeping run.
Needing the surprised faces of those
them 'see extended to rear their heads,
screaming is crying scanródh people,
the hair being combed, as the spoils shared,
were young boys at coming autumn
Two extension chróchar and two given that cell
and that a device had two dtórramh marriage,
and God of glory, not a shame.
Yes there Friday hear the crying,
keeping thee sides and the clapping,
a lot overnight, heavy tired, exhausted,
Without fog to resort to physical stretching,
God as a sacrifice fhuiling Chríosta that,
A truly bought the poor is the naked,
that you retain sacred paradise for you
All creatures of our fallen under the lesion.
Scald wildfire and chest
on the place died, and blamed hard,
as many creature left at géarghol
Flowing lamenting that every Monday morning,
not harm guidance information are being sent
But luck was great in Newcastle
He drowned finishing the songs that much,
left dóláis material at Annaghdown.
Warning: This is a machine translation!
Can you help us provide a proper one?