Cearc agus coileach
hen and cockIrish
Cearc agus coileach a d’imigh le chéile
Amach fríd na sléibhte gur bhris siad a gcroí,
Chuaigh siad go Sligeach is go Corcaigh ina dhiaidh sin,
Nó go dteachaigh an scéala amach fríd an tír.
Curfá:
Mo choileach breá ramhar a rugadh sa Mhárta,
Nó go dtáinig na mná a chuir dúil ins an fheoil,
Phioc siad a chrúba agus scil siad a chnámha,
Agus chaith siad an lá sin súgach go leor.
Dá bhfeicfeá mo choileach lá aonaigh na sráide,
A fhuip ina dhorn is é chomh bródúil le rí,
Bhí péire spor geal air den airgead dhéanta,
Hata fá lasaí agus lámhainní buí.
Curfá
Chuir mé mo choileach go paróiste Bhaíollach
San áit a mbeadh dídean aige le fáil,
An áit a mbeadh na fir fhearúla a chroithfeadh an síol,
’S nach maífeadh a choíche ar mo choileach a sháith.
‘Och och,’ arsa an chearc is í ag dul ar an aradh,
Nach buartha bocht imníoch deireadh mo scéil
Athair mo chlainne agus céile mo leapa,
Bheith sínte sa phota agus leac ar a bhéal.
Curfá
English (machine translation)
Hen and cock went together
Out through the mountains that they broke their hearts,
they went to Sligo to Cork later,
Or dteachaigh the word out through the country.
Chorus:
My fine fat rooster was born in March,
Or that the women came forward to put in the meat,
picked their skill chrúba and their bones,
and they spent the day merrily enough.
If you saw my rooster day street fair,
A whip in his hand is as proud as a king,
was a pair of silver spurs made ??it bright,
hat and gloves under yellow laces.
Chorus
I put my rooster that Bhaíollach parish
Where would he found shelter,
is where the men would be chroithfeadh fhearúla the seed,
and not to ever maífeadh ith my rooster.
'Och ??och,' says the hen is going on the administration of,
not sorrowful end of my story anxious
father of my children and husband my bed,
stretched the pot and slab on his mouth.
Chorus
Warning: This is a machine translation!
Can you help us provide a proper one?