A Rí an Domhnaigh
A Sunday'sIrish
A Rí an Domhnaigh, tar led chabhair chugam
Is tóg in am ón bpéin mé,
A Rí an Luain ghil, bí féin buan liom
Agus ná lig uaitse féin mé,
A Rí na Máirte, a chroí na páirte,
Dein díonadh Lá an tSléibhe dhom,
A Rí na Céadaoine, ná fulaing i ngéibhinn mé,
Cé fada óm chaoimhghin féin mé.
A Rí na Déardaoine, maith dhúinn ár bpeacaí-ne,
Cé dheineas do cheart-dlí do réabadh,
A Rí na hAoine ná coinnibh cuimhne
Ar mo dhroch-ghníomhartha baotha,
A Rí an tSathairn, go síoraí achainím
Mé a thabhairt thar Acheron caorthin’,
Fé dhíon do thearmainn, tré ríocht an aifrinn,
Suas chun parthas naofa.
A Bhanríon álainn go bhfuil na grásta ort,
Ó, liúim go hard agus glaoim ort,
Ós tusa máthair an Linbh álainn,
D’éag don pháis dár saoradh,
Is é seo láithreach am an ghátair
Is mé gan cairde taobh liom,
Ó, tar im láthair, cabhraigh lámh liom,
Is ná lig don bhás mé a thraochadh.
A Bhanríon oirirc, a Bhanríon shoilbhir,
A Bhanríon solais na gréine,
Ní haon tsaibhreas atá uaim ortsa anois,
Ach leigheas ar dhochar mo phéine,
Na sluaite borba do bhí ag gabháil ormsa
Is do rug im chodladh orm tréimhse,
Cuirse cogadh orthu mar chúnamh cosanta,
Is tabhair ón ngoradh Lá an tSléibhe mé.
English (machine translation)
King Sunday, has led towards me
The climb in the pain I am,
King Monday sea, I make permanent self
And I do not let themselves from you,
King of Tuesday night, the part to heart,
Make me proof Mountain Day,
King Wednesday, than I suffered in bondage,
How long I own Kevin ohms.
King of Friday, forgive us our sins-ne,
Although I made for right-law for rupture,
King Friday than coinnibh memory
On my bad actions baotha,
King Saturday, relentlessly achainím
I give over Acheron caorthin '
Under indoor refuges, kingdom by the masses,
Tags sacred paradise.
A beautiful Queen that you grace,
Oh, and I call high liúim you,
As a mother you the beautiful Child,
Passion died for our liberation,
This is an immediate time of need
I is not friends I side,
Oh, after my presentation, help me hand,
The death is not let me be overwhelmed.
A sublime Queen, Queen shoilbhir,
A Queen of the solar light,
I've no richness on you now,
But harm my pain medicine,
The crowds were engaged borba for me
And your bed I grabbed my period,
De Courcy war as a defense assistance,
And give the Mountain Day I ngoradh.
Warning: This is a machine translation!
Can you help us provide a proper one?