Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ó, scríobhfaidh mé litir go Foirnis amáireachIs ceannóidh mé páipéar is stampa dhá phingin, Ar thuairisc mo chailín a dtug mise grá dhi, ’S ní fhanfad san áit seo mura dtige sí aríst.
Ó, a leithéide ní fheicfeá in Éirinn ná in Árainn, Ba í an planda ba bhreáichte í is a chuaigh ariamh thríd an tír, Bhí cúl fada gruaige a dhul síos thar a básta, Is an té a thóigfeadh ar láimh í, bheadh fad ar a shaol.
’S nach iomaí sin cailín ó Ghaillimh go Carna, Ó Chorcaigh go Malbay is as sin go Bleán Rí, ’S an té a d’fheicfeadh cruinn ar aon chnocán amháin iad, ’S go mbainfeadh sí an barr de mhná deasa an tsaoil.
Nach deas an rud eala nuair a d’fheicfeá ar snámh í, Nó cuach bhinn na Bealtaine is í ag seinm ar chraobh, Nach mhór i gceist Cearbhallán, an ceoltóir ar chláirseach, Ach bhainfeadh sí an barr dhe le glór binn a cinn.
Ní raibh sé ach seachtain nuair a fuair mise freagra, Go raibh romham míle fáilte ach a theacht chun an tí, ’Gus scéal óna hathair go raibh sé lánsásta, Sé an spré atá le fáil aici, bó agus lao.
Ó, d’éiríos ar maidin chomh luath ’gus a bhí an lá ann, Fuair mé an curach ó Sheán agus thug mé m’aghaidh síos, Ní raibh mé ach leath bealaigh nuair a shéid sé ina ghála, Is bhí báid mhóra ina gcrann dhá gcur tharam aníos.
Bhí cnogaí maith’ daraí agam agus togha maidí rámha, Is cá ngeobhá bád geallta ní ba réitithe ná í, Níor thóg sé orm ach leathuair ó d’fhág mé an Aill Bhán Go raibh mé i gcaladh Dan Mháirtín is téad agam i dtír.
Cé a d’fheicfinn ach Maitiú ina sheasamh ar an aill romham, Ó, rinne sé gáire agus chrom sé a cheann faoi, ‘An té a bhreathnódh i gceart ort, nach ríbheag le rá thú, Ach tá tú chomh láidir le athair an lao.’
Tháinig Tomás Ó Ceallaigh agus buidéal ins chaon lámh leis, ‘Ó teann liomsa anall nó go n-óla tú braon, Nó go mbainfidh mé an deacair amach as do chnámha, Bí ag ól go ceann ráithe is ní chaillfidh tú pingin.’
Sé an t-oileán is folláine ó Mheiriceá anall é, Níl fear, bean ná gasúr ná seanduine ann tinn, Níl sioc ann ’s níl sneachta ann, is ní aithneoidís an bháisteach, Ach grian chuile lá agus é ag scaladh os a gcionn.
Ó, chaith mé ann seachtain sular fhéad mé é a fhágáil Gach oíche go lá bán bhíodh ceol againn is spraoi, As seo go ceann seachtaine, ceannóidh mé an fáinne Is beidh mo stóirín le fáil agam ar bhuíochas den tsaol.
Oh, I will write a letter tomorrow Foirnis I will buy a two pence stamp paper, The description I gave my girlfriend to her love, And fhanfad in this place again unless she dtige.
Oh, leithéide not you see the Aran Islands in Ireland, The plant was that it was bhreáichte ever went ACROSS the country, Long hair had to go back down past her waist, The person is thóigfeadh hand, would be all his life.
And so many girl from Galway Carna From Cork Malbay milking thence to King, And the person would see on any hill accurate only, And she would overshadow all nice women.
Not a nice thing when you see a swan floating it, Or bundle May peak is playing on the championship, Not great in question Cearbhallán, harp musician, But she would top him with sweet voice to emerge.
He was only a week when I got a reply, That did me a thousand welcomes but entry to the house, Story from her father and that he was happy, It contained her dowry, a cow and a calf.
Oh, got up in the morning as soon as the day was there, I found the coracle from John and I brought my face down, I was only half way when it blew a gale, The large boats were taking a tree two up past me.
Cnogaí was like 'I and dined oak oars, Ngeobhá boat where bets are not resolved than it should, It took me only half since I left the White Cliff I was in a rope harbor Dan Martin I landed.
Who but Mathew would see standing on the cliff before me, Oh, he laughed and he bent his head about, 'He would look right to you, not to say you are very small, But you are as strong as the calf's father. '
Kelly and Thomas came chaon bottle in hand, 'From me tight forth or that may you drink a drop, Or I'll have the difficult out of your bones, Drink a quarter as you do not lose a penny. '
It is the island of American forward is healthy, No man, woman or boy or any sick old man, There is no frost and snow, the rain is not recognize, But sun every day and is flashing over them.
Oh, I spent a week there before I could leave Every night that white day we had fun music, Over the week, I will buy the ring Is found will be my darling I like domains.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.