Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail domh,Go haonach bliantúil na Féil’ Muire Mór, Tharla an ainnir as an taobh aniar domh, Agus í go cianmhar ag siúl sa ród; Dar liom féin, ’riú, gur scar mo chiall uaim, Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól, Chonacthas domhsa gur dhorcha í an ghrian gheal Le taobh gach dealraimh dá raibh ina grua mar rós.
‘Ar neamhchead duitse mo shacán cnáibe, Mo sheantriús Spáinneach ’s mo bhoinéad ciar, Is rómhaith a aithnim idir an dubh ’s an bán, ’S ní hí an bhean is stráiciúla is troime ciall; Ná síl gur ionsort atá mé á rá sin, A ainnir álainn is finne ciabh, Ach sílidh an iomad acu go bhfuil mé i ngrá leo, ’S is róbheag m’ aird ar a leath nó ar a dtrian.
‘Bhí mé ag poitigéireacht ins an Iúr, ’S le feabhas mo chúrsa go bhfuair mé céim, Seal ’mo bhrachadóir ag Coirnéal Liútar, ’Mo mharcach trúpa ag an Prince o’ Wales; Seal ’mo dhochtúir, seal ’mo ghiúistís, ’Mo shagart cúraim i gCaisleán tSéaghain, ’Mo mháistir scoile thíos i nDoire Núise, Nár dheas mar mhúin mise Mac Uí Néill.
Sé a deir streabhóga Chontae an Rí liom Gur beag an t-ionadh mé bheith gan spré, Ag ól ’s ag imirt, óró, seal na hoíche, ’S ’mo chodladh arís go dtí deireadh an lae; Seal in ochras gach cailín díomhaoin, ’S gan fhios ag aon acu cá bhfuil mo rogha, Idir Leitir Ceanainn agus Bun an Ghaoith Tá an caile caoin ina bhfuil mo spéis.
‘Thógfainn giús i dtús an Mhárta, Is bheinn á stálú sa tsamhradh arís, Dhéanfainn coinnle ins an lá de, Is bheinn ag báirseoireacht ins an oích’; Ghabhfainn fia duit i dtús an fhómhair Agus broc an chrónáin as sin go faoi, Dheánfainn seilg ar na cnocaibh móra, Dá mbíodh na cóngair ar mo líon.
‘Bhí mé ar an Mhuine Mhór, i gCaisleán Cába, I mBaile Uí Dhálaigh is i Lios na Scéith’, Bhí mé i Muineachán is ar an Ghráinsigh, ’S ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain; ’Réir a tharlaigh i nDroichead Áth’ mé, Anocht atá mé fá Charn tSiail, Anois más roghain leatsa ar fhearaibh Fáil mé, Óró, seo mo lámh duit, bíom ag triall.’
On my withdrawal Carn tSiail me, In fair annual Feil 'Mary Major, took the maiden from the side of west beach, and is a cianmhar walking in the road; I consider,' them, that scar my senses I, As I would turn siabhrán or drinking, appeared to me that the sun is bright dark alongside all apparently his cheeks as was a rose.
'In defiance you my shacán hemp, My sheantriús Spanish and my edge Ciar, is very well see clearly between the black and the white, and not the woman stráiciúla heaviest sense; Do not think that ionsort I'm saying that, A maiden ciabh beautiful witness, But too much leakage of them that I love them, And undersized m 'attention to a half or thirds.
'I was poitigéireacht in Newry, and improve my course I got a degree, Seal' my bhrachadóir by Colonel Luther, 'My jockey troops at the Prince o' Wales; Seal 'my doctor, spell my magistrate, ' My Castle tSéaghain care priest, 'My master school below Derry Nuisance, was nice as I taught Mac O'Neill.
It says streabhóga Kings County to That little the wonder I have no dowry, Drinking and playing, oh, night shift, and 'asleep again until the end of the day; Seal in ochras every girl idle, and without any of them know where is my choice, between Letterkenny and Bottom the Ghaoith the caile cry with my interest.
'Would take giús in early March, is I would be seasoned in the summer again, I would make candles in the day of, is I would báirseoireacht in the night; Ghabhfainn deer you in the beginning of autumn and badger the Chrónáin then on, I would chase the major cnocaibh, would bustle in the vicinity of my number.
'I was on the Moneymore, Castle Caba, in Ballygawley most Lisnasharragh spawning', I was in Monaghan at the Grange, and Bridge Coolaney for more than a year; 'By Occurring Bridges Ford' I, Tonight I'm under Carn tSiail, Now if you own discretion I Available on men, Oh, my hand to you, bíom bound. '
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.