Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ó, molaim sú na heorna go deo deo gus choíchin, Nach é an truaigh nach bhfuil tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh, Seán Forde a bheith ina ghiúistís ’s go gcomhairleodh sé na daoine, Mar sé a chuir mise ag foghlaim ar an ócam a spíonadh.
Curfá: Ram-de-didle-óram, sé ócam an phríosúin, ’S go bhfágfaidh sú na heorna na hÓglaigh dhá spíonadh.
Osclaíodh dhomsa stór a raibh ócam thar maoil ann, Thug mé lán mo ghabháil liom, mo dhóthain go ceann míosa, Is mise a bhain an gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall, Nuair a d’fhiafraigh mé den cheannport cé air ar fhás an fionnach?
Curfá
Shílfeá gur barrach a baineadh den líon é, Nárbh olc é mo ghean ar an tseanbhean a shníomh é, Mheáigh sí sna scálaí ina mhálaí breá cruinn é, É sin, nó leis na carlaí, scall sí sa ngeimhreadh é.
Oíche a raibh Mac Uí Lochlainn ina chodladh go suaimhneach, Nár ionsaigh na luchain a chuid ócam san oíche, Ar maidin lá arna mháireach bhí an warder á inseacht, ‘By dad’, adeir an gobharnóir, ‘tá an deabhal uilig déanta agat!’
Muise, is mise a bhíonns go tuirseach ag tochras ’s ag sníomhadh, Ag obair don eochróir a bhfuil eochair aige is míle, Go ndúinfeadh sé doirse agus glais na hÉireann, Go gcuirfeadh sé na stiléaraí is na tincéaraí i ngéibheann.
Is mise a bhíonns go brónach gach Domhnach is lá saoire, Ag siúl amuigh sa ngairdín istigh i bhfáinne is mé ag goil timpeall, ’S go sileann mo chuid súile i gcónaí nuair a chuimhním Gur deas an obair Domhnaigh a bheith i gcónaí ar an gcaoi seo.
Tarraingeofar sú na heorna fós ins an ísleán, Beidh gloine againn le n-ól ann, amhráin agus rince, Beidh an pota againn ’s an dabhach is beidh an chabhair ag teacht timpeall, Beidh gloine againn le n-ól, beidh ár gcuid ócam dhá spíonadh.
Ach má chuirfear ceist go deo ort cén jab is deacra a dhéanamh, Ab é a ghoil ag spíonadh an ócaim nó Cuan an Fhir Mhóir a thaoscadh?
Tá fataí agus prátaí i ngairdín an phríosúin, Daoine le haghaidh iad a lánadh le fáil ón nGarda Síochán’, ’S go bhfuil crann torthaí ag fás ann, airní agus spíonáin, Siúd é thríd an arm é máistir na híocaíocht.
Oh, I recommend juice of barley forever forever And choíchin, Not The pity is not popular at King George's done, John Forde to become a magistrate and gcomhairleodh six people, as it did I learn the ócam to exhaustion.
Chorus: Ram-of-didle-forum, it ócam prison and barley juice leaving the Volunteers two exhaustion.
Dhomsa store opened ócam overflow was there, I noticed many of my arrest I think enough for a month, I am relating the smile from the guard who was around me, when I asked the cheannport how it grew the fionnach?
Chorus
One would think that that was the number tow, is not it bad my fond of the old woman to weave it, weighed it in his bag scales perfectly accurate, That, or the carlaí, she scall is in winter.
Night had Mac O'Loughlin asleep peacefully, not been attacked luchain his ócam night, morning morrow was the warder be telling, 'By dad', says the governor, 'the deabhal all you have done!'
Well, I'm always very tired to looking out and spun, Work for eochróir key he is a thousand, That doors and locks ndúinfeadh Irish That would the best of tincéaraí stiléaraí in bondage.
Yours which is always very sad every Sunday holiday, walking outside in the garden inside a ring as I was going around, and that drains my eyes when I remember That nice work Sunday to always be on the way .
Drawn juice of barley still in the ísleán, glass will we drink it, songs and dance, will be the pot we and the bath that will help overcome, glass will we drink, will our ócam two exhaustion.
But if you will ever question what a difficult job to do, Ab to exhaustion wept at the harbor ócaim or Greatman drain?
Potatoes and potatoes are in the prison garden, People for them to provide Garda lánadh Peace ', and that fruit trees growing there, sloes and gooseberries, While the army is master ACROSS the payment.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.