Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Ag gabháil ’un an aifrinn dom le toil na nGrásta,Bhí an lá ag báisteach is d’athraigh gaoith, Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi, Labhair mé léi go múinte mánla Is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí, Séard a dúirt sí, ‘Raiftearaí, tá m’intinn sásta Ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí.’
Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é Ach rinne mé gáire is gheit mo chroí, Ní raibh le ghoil againn ach trasna páirce, Níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí, Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air Is a cúilín fáinneach le m’ais ina suí, Séard dúirt sí, ‘Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte Tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.’
Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach Is deise méin ’gus is áille gnaoi, Míle cléireach a ghoil in éineacht Trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh, Bhuail sí Déirdre le breáichte is Véineas, Dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi, Seod í an chraobh is cé a d’iarrfadh a héileamh Ar an bpabhsae gléigeal ’tá i mBaile Uí Lí.
Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe Is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Lí, Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara ’Gus ceiliúr éan ann mar na ceolta sí, Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas Ar bhláth na gcraobh ’tá lena thaobh, Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach, A spéir na gréine, is tú grá mo chroí.
Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc thré chéile, An Spáinn an Ghréig is ar ais aríst, Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne Is ní fheicfeá féirín ar bith mar í, A grua thrí lasadh is a mailí caola, A haghaidh dá réir is a béal tais mín, Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin A thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.
A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair, A chúilín ómra, a mheall mo chroí, Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle Faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí, Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna Puins ar bord is dá n-óltá fíon, Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar, Is go bhfaighe mé an t-eolas ar ais aríst.
Accompanied 'un Mass me to say a prayer, was the day that changed the wind rain, turns on the banks of the maiden Chill Tártain me is I immediately fell in love again, I spoke with gentle teaching is according to she replied yes quality, consisted she said, 'Raftery, my mind is willing But that day I glossary Ballycahalan slap.'
When I got the offer did not let me friends it But I did laugh almost stopped my heart, was not a wept We just across the park, did not we the day we just sinking the house, set it down board was glass liquor it is a ring with a point m'ais sitting, comprise she said, 'Raftery, drink a hundred welcome are we the strong cellar in Bally slap.'
She Mary Hynes the chiúinbhean polite is right demeanor and beautiful well pleased, Thousand clerk wept together Riding a tréathra could not write, She met Deirdre with breáichte is Venus, Were abraínn Eiléan ler delete the Trojan, Treasures is the championship and who may request a claim On the bright bpabhsae 'a slap in Bally.
Not pleasant side of the mountain is you look down you Town O Hue, Walking valleys associated nut berry and propose birds as the music from it, is meaningless in fact both would get insight on blossom branches and is his side, not good if no longer deny none, a sky the sun, you are the love of my heart.
Because of your beauty England that France be characterized together, Spain Greece is back again, from the shore of Lake Solar mouth Lough Erne is not you see treat any like it, A cheeks ablaze as mali narrow, A for accordingly as smooth moist mouth, best Irish women, for their story is that I gave you the final slap in Bally.
A star of light, as the sun fine autumn, A locks amber, attracted my heart, Walk loneliness I ndéanam advice By appointment Sunday where will our living, would have me music for you every evening Puins on board if drunk the wine, But the King of Glory, that dtriomaí the road, is till I get the information back again.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.