Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
An cuimhneach libh an oíche úd a raibh an tsráid seo lán d’eachraí, Ag sagairt agus ag bráithre is iad ag trácht ar mo bhainis? Bhí an fhidil ar chlár ann agus an chláirseach dhá spreagadh Bhí triúr de na mná bána ann le mo ghrá geal a chur ar an leaba.
I mo bhaintreach is ’mo mhaighdean a fágadh mé go hóg, Tabhair scéala chuig mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór, Dhá mbeinnse sa mbád ar an lá úd is mo dhá lámh a bheith ar an scód M’fhocal duitse, a Liam Uí Raghallaigh, gur deas a leigheasfainnse do bhrón.
’S níor mhór liom do Liam Ó Raghallaigh a bheith ’na chliamhain ag an rí, ’S na cuirtíní geala gléigeal’ a bheith ar gach taobh dó ins an oíche, Maighdean chiúin chéillí ag réiteach a chinn, Is ó luadh muid le chéile sé an trua mar d’éag tú le mo linn.
Tá do shúile ag na péiste is tá do bhéilín ag na portáin, Tá do dhá láimhín gheala ghléigeala faoi ghéarsmacht na mbradán, Ó, cúig phunt a bhéarfainn don té a réiteodh mo chás dhom, Sé mo léan géar thú bheith i t-aonraic, a Neilí Ghléigeal Nic Shiúrtáin.
Mo mhallacht do na saortha a rinne an bád, Nachar aithris siad dom féin é go raibh an t-éag ins na cláir, Dá dteiteá go Coillte Tóchair agus an t-adhmad a cheannacht daor, Ní bháfaí Liam Ó Raghallaigh ar chóstaí Malbay.
Have you remember the night this street was full of eachraí, At priests and brothers are commenting on my wedding? The fiddle and harp program two stimulus had three white women there with my love bright to the bed.
In my widow is' virgin left my youth I, Please notify my people drowned my dearest, Two I were in the boat that day and my two hands to the scód My word to you, to Liam O'Reilly, nice leigheasfainnse that your grief.
And would I Liam O'Reilly to 'the-law of the king, and the curtains bright shining' on each side of him in the night, Virgin quiet sensible preparing to head, is from we mentioned together it unfortunate as you died for my pool.
Your eyes are the worm that is your mouth at the crabs, are two Hand sea ghléigeala about ghéarsmacht salmon Oh, five pounds would give the person to prepare my case for me, He is my sorrow sharp you be in the single, And bright Neilí Nic to Jordanstown.
My curse for the freed by the boat, Vide they imitate me had died in the programs, would that Coillte dteiteá Causeway and the purchase of expensive wood, not Liam O'Reilly bháfaí coasts Malbay.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.