Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Is nach deas an féirín gafa gléasta íCúirt an tSrutháin Bhuí, Ar thalamh déanta ar dheis na gréine I bhfascadh ó chuile ghaoith, Tá gairdín pléisiúir lena taobh A dhéanfadh óg den aois, Is go bhfuair na táinte a bhí gan sláinte Fóiriúint ann le mí.
An té a théanns an ród is a ghéilleanns dhó San am a mbíonn sí i gcaoi, Lá nó dhó níor mhór liom dhó Go ndearcfainn í go grinn, Tá sé ráite ó bhéal an Phápa, ‘Triallaidís thart cruinn, Gurb í an fhéis is airde in Éirinn bhláthmhair Cúirt an tSrutháin Bhuí.’
Ar feadh mo shaoil ní chuirfinn síos Dhá mbeinn á scríobh le peann, Ar fheabhas an ghníomha a rinne an saor A d’fhág í siúd gan cháim, Siúntaí míne ar chaideannaí Is gan orlach ar bith cam, Tá Victoria an ríon i bhfeirg faoi, Mar moladh léi an barr.
Nach deas an spóirt ag tíocht don fhómhar Cúirt an tSrutháin Bhuí, Ar shúil an bhóthair ins an tórainn Idir an dá thír, Tá loingeas seolta ag tíocht le cóir Le Banríon na Sáirdín, Is tá sí cóirithe is geataí óir léi, Is foireann díol an rí.
Fós níor dearnadh abhus ná thall Cúirt ar bith mar í, Faoi cheann scláta is urlár marmair, Is gairdín lena taobh, Gach pabhsae álainn i gcumhra ag fás ann, Is mil ar bharr an fhraoigh, Is tá caladh is trácht ag long is ag bád Ag teacht don Sruthán Buí.
Tá luach na gcéadta istigh fré chéile I gCúirt an tSrutháin Bhuí, De thogha gréithre is foireann gréithí, Is clár cruinn, díol an rí, Pianó déanta le haghaidh na spéirbhan, An uair a bheas siad cruinn, Is nach mór an chéim d’aon fhear in Éirinn Í a bheith os a chionn.
Nuair a chuaigh an scéala ar fud na réigiún Faoi Chúirt an tSrutháin Bhuí, Bhí Rí na Gréige ag cuartú scéala Cén chaoi ar dearnadh í, Ní bhfaigheadh sé í níos lú ná céad, Is bhí sé sásta é a íoc, Mar nach bhfuil sé in Éirinn ná in aon réigiún Teach ar bith mar í.
Nach iomaí sin sórt nár chaintíos fós air Atá i gCúirt an tSrutháin Bhuí, Tá néamhainn dóirte ann ag déanamh lóchrann Roimh chabhlach mór an rí, Mearbhall eolais ní baol dhóibh, Tá clog ann de ló agus d’oíche, Ag coinneáil cuntais os a gcomhair, Is teach solais lena taobh.
Nuair a bhíonns gach spéirbhean gafa gléasta Ag teacht don Sruthán Buí, Sa ngairdín scéimhe a bhíonns an pléisiúr Nuair a bhíonn siad uilig cruinn, Cuireadh scéala ar fud na hÉireann, Is gach ceard de na seacht ríocht, Go raibh fleadh agus féasta rompu gléasta Ag Banríon na Sáirdín.
Nuair a bhíodar réidh le fleadh ’gus féasta, Tharraing sí orthu draíocht, Sa gcaoi nach bhféadfaidís a shéanadh Nach rabhadar uilig buíoch, D’fhág sí an réiteach siúd agam fhéin, Mar cheap sí mé a bheith grinn, Is fuair gach éinne áit dhó fhéin, Is ligeadar a scíth.
Bhíomar sásta lá arna mháireach, Mar bhíomar uilig buíoch, Mar is iomaí cás nach maith liom trácht air A bhíonns ag lánúin tí, Tá mo bhráthair cumhachtach láidir, Mac Uí Chlochartaigh, Tugaidh spás dhó go haimsir áirneáin, Sin é a chríochnós í.
Mícheál Ó Clochartaigh cct, Tá an chúirt seo déanta i lár na tíre, Is molaidh léi an barr, Ó theach an rí is ó bhallaí an draoi, Is ó chuile chaisleán ard, Ní le draíocht a dearnadh í, Ach le obair stuama lámh, Is brainse grinn ón nGobán Saor, Bhí Colm ina cheann.
Níor mhór liom céad in aghaidh gach lae Do Cholm is dhá mhnaoi, Nár mhór an scéal nach bhfaighidís é, Is an fhéile a bhí ina gcroí, Maoin Tuirgéise is caithfí é I gCúirt an tSrutháin Bhuí, Dhá roinnt ina dhéirc ar bhoicht an tsaoil Ag Banríon na Sáirdín.
Tá an lacha ar snámh is broic an dá bheann ann, Fiach dubh i ngleannta fraoigh, Tá turlach báire, cúrsaí rása, Ag dream atá faoi dhraíocht, Tá an Eaglais Ghallda brúite gearrtha Amach ó theampall Chríost, Beidh Liútar gránna ag súil le párdún I gCúirt an tSrutháin Bhuí.
It is not nice gift caught dressed her Court Brook Parade, on land made ??right the sun in squeezing from every wind, garden pleasure with side A would a young age, is received riches were without health Fóiriúint there a month .
Whoever théanns the roadway as ghéilleanns two San time to do it in a way, day or two would have to burn That ndearcfainn it thoroughly, has said verbally Pope, 'Triallaidís about accurate, language is the Applauds highest Ireland bhláthmhair Court Brook Parade. '
For my life I would not Two If I write with a pen, on improving the deed by the free A left who is blameless, Joints finer chaideannaí is without any crooked inches, are the Queen Victoria angry about, as her top recommendation.
Not nice sport is coming to harvest Court Brook Parade, On eyes of the road in the boundary between the two countries, has a fleet sent by ola treatment With Queen of sardine, is she dressed gates gold her, a team sale king.
Still not been here than over any Court as is, By slate as marble floors, a garden adjoining, All pabhsae beautiful gcumhra growing there, is honey on top of the Shrew, is a port that traffic ship by boat coming to the Yellow Stream.
The value of the inner shelf centuries together in the Yellow Brook Court, De elect gréithí gréithre the team, a precise program, selling the king, Piano made ??for the spéirbhan, the time to be accurate, is not of any great degree Irish man Í be over.
When did the news throughout the region Under the Court Brook Parade, was King of Greece seeking news How were made ??it, not receive less than the first, is he willing to pay, as it is not in Ireland than in any region House as is any.
Not many such that it is still not chaintíos Forming in Brookfield Court Parade, is there doing néamhainn Discharge torch Before the king a large fleet, confusion information is not exposed to them, are able to watch day and night, keeping accounts in front of, a lighthouse with.
When is always every maiden trapped mounting Coming to Stream Yellow, In the garden of beauty which is always a pleasure when they are all accurate, was news throughout Ireland, is all over the seven kingdom, May festival and feast ahead mounted At queen of the sardine.
When they were ready to feast and feast, She pulled them magic, In a way they could not deny Not all were grateful, She left those I resolve myself, as I have thought a comic, is where everybody got him self, is pretended to relax.
We were happy morrow, as we all appreciate, as in many cases I do not mention it A couple is always at home, my brother strong powerful, Mac O Chlochartaigh, bring me twice to the time sociable space, That will end it.
Michael Clochartaigh FPS, This court is formed in the middle of the country, is molaidh her ??top, From house of the king and from the walls of the wizard, is from every castle high, not magic that has been made ??is, But a prudent work hand, nGobán comic branch of the Free, Colm was in his head.
It should me one hundred per day For Colm two woman, Not great story would not get it, is the festival that was in their hearts, Property Tuirgéise that must be obtained is in Court Brook Parade, Two divided dhéirc a poor lifetime At queen of the sardine.
The duck floating badgers both peaks there, Hunting black valleys of heather, is turlough instance, matters of race, At those are enthralled, The Church Grass crushed cut Apart from the temple of Christ, will Luther ugly expect pardoned In Yellow Brook Court.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.