Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Amuigh in Aill na Méaracán tá an caisleán breá déanta,’S níor facthas a léithéide san oileán seo fós, Tá fascadh ann ón mbáisteach, ón ngrian is ón ngaoithe, Cead spóirt agus siamsa ann ag sean agus óg.
Ní moirtéal ná clochaí a cuireadh dá dhéanamh, Tá na ballaí níos míne ann ná parlús tí mhóir, Casadh isteach ann tráthnóna Déardaoin mé, ’S bhí na píobairí fraoigh is na feadógaí ag ceol.
Nach iomdha fear ceirde a chuaigh ariamh thríd an tír, ’Chaith téarma le saoirseacht is a rinne tithe go leor, Dá mairfeadh an Gobán is an chúirt a fheiceáil déanta, Ní chreidfeadh ón saol nó is faoi dhraíocht atá Joe.
Daoine a shiúil Meiriceá, Sasana is Éirinn, Ní fhéadfaidís aon áit a mholadh níos fearr Ná an chúirt atá déanta amuigh i gceartlár an tsléibhe, Tá na céadta ag triall uirthi i bhfad is i ngearr.
Níl aon chléireach dá mheabhraí in aon choláiste tógtha, Dá mhéad dá bhfuair foghlaim is a scríobhfadh le peann, ’D’fhéadfadh cur síos ar an gcaoi an bhfuil sí cóirithe Mar is rímhór an spóirt í ó íochtar go barr.
Nuair a thagann an bháisteach, sea a chruinníonn na daoine ann Isteach as Loch Cruinn is as Gleann Loch an Fhobhair, Dá snámhfadh an mhóin ar an gcriathrach chaon taobh díot, Bí istigh go ceann míosa ann ’s ní baol duit aon deoir.
Tháinig mé isteach ann tráthnóna Dé hAoine Le titim na hóiche sea dhún sé ina cheo, Cóiríodh mo leaba is b’éigean dom síneadh, Níor fhága mé aríst é go maidin Dé Luain.
Tá na grátaí thrí lasadh ann ó mhaidin go faoithin, Tá na boird ag cur thar maoil ann le fataí is le feoil, Tá an t-arán go fial fairsing dá ghearradh is dá roinnt ann, Tá an tae agus an t-im ann is bainne na bó.
Tá an bhó agus an lao ar an mbuaile ann ag géimneach, Tá an gabhar geal ag méileach, an chaora is a huan, Tá na broic ann ag tafann le héirí na gréine, Is na mionnáin ag léimneach is ag ritheacht sa drúcht.
Tá na faoileáin ag tíocht ann aniar ó na Sceirdí, Tá nead na corréisce ann an eala is a hál, Tá fuaim na mea-ghabhar ann, an lon dubh is an chéirseach, Bheadh spóirt agus pléisiúr ag an té a d’fhanfadh ann.
Anois teacht don fhómhar caithfidh muid téarma ann, Nuair a sheolfas na ladies ó Mheiriceá anall, Nuair a shocrós an cogadh agus déanfar an réiteach Beidh caisleán an tsléibhe dhúinn féin againn ar ball.
Out in the Méaracán Cliff Castle is perfectly done, and not to léithéide seen this island yet, is there squeezing the rain, the sun is from ngaoithe, Permission sports and entertainment at the old and young.
Neither rocks nor mortar was being made, The walls are smoother than big house parlor, met Thursday evening I entered, and pipers played feadógaí grouse is the music.
Not several occupational man ever went ACROSS the country, 'the exemption term is spent by many houses, would survive the Gag is made ??to see the court, not from life believed or mesmerized which Joe.
People walked America, England and Ireland, could not recommend anywhere better not done outside the court in the heart of the mountain, has hundreds bound her far-reaching.
No clerk if any college mheabhraí built, The more their learning is to write got a pen, "could describe how she is dressed as a severe as the sport is from bottom to top.
When the rain comes, yes to gather the people Entrance from Round Lake is a lake Fore Valley, would float the turf on the gcriathrach either side of you, Be within a month and you will not fear any drop.
I came into it on Friday nightfall a fog closed sea, refurbished my bed and I had to stretch, not I fhága again that Monday morning.
The grates ablaze from morning until night, is the table overflowing there potatoes as meat, are the bread generously spacious both cut their number there are the tea and the butter there milk the cow.
The cow and the calf on the mbuaile at géimneach, is bright bleating goats, sheep as a lamb, is the badger barking at a rising of the sun, is the kid is running and jumping in the dew.
The seagulls ola west from Sceirdí there, is there corréisce nest swan and her brood, sound is the mea-goat there, the blackbird is the thrush would be sports and pleasure to the person who would remain there.
Now we have come to the autumn term there, When is conducted the ladies from America come here, when fixed by the war and the resolution will castle we own the mountain to us later.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.