Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Nach fada ag dul an bealach mé le bliain agus trí ráithe,Ag cuimhneamh ar an ainnirín ’tá ar thaobh an chnoic úd thall, Ag iarraidh í a thabhairt abhaile liom mar chéile is mar ghealghrá, Le go mbeadh sí i gcónaí in aice liom i mbaile an Locháin.
Anois ag teacht an tsamhraidh gabhfaidh mé ar thamhnaigh ag iarraidh mná, Is fuair mé cuntas géar, ó, cén taobh a bhfuil sí ann, Beidh drumadóir as Tamhain againn is lucht damhsa as Condae an Chláir ’S beidh mise agus mo stóirínse ag dul bóithríní an Locháin.
Aréir ag teacht ó chuairt dom is é casadh liomsa Cáit, Í ina suí ar chnocán uaigneach agus í ag gol go hard, D’fhiafraigh mé den stuabhean céard a bhí dhá crá, ’Gus d’fhreagair sí go buartha mé, ‘Nó ar tú mo mhuirnín bán?’
’S anois ag teacht an tsamhraidh beidh na gamhna ins gach gleann, Tiocfaidh bainne don bhó ghamhnach is beidh na cleabhair ag teacht á bleán, Beidh an gliomadóir ag tornáil ag dul suas go Both Bhrocháin, ’S beidh mise agus mo stóirínse ag dul bóithríní an Locháin.
Inniu ag teacht an bóithrín dom is mé ag cuimhneamh ar mo ghrá, Casadh liomsa an óigbhean agus labhair sí liom go teann, D’fhiafraigh sí go cúramach an dtabharfainnse di grá Agus dúirt mé léi go múinte nach dtabharfainn ná go brách.
Is anois ag teacht an tsamhraidh beidh na foghlaeirí ins gach ceard, Ag imeacht ar fud na dtamhnacha idir Roundstone is Cnoc Meá, Beidh an t-iolrach ag déanamh an eolais don smólach i gCondae an Chláir, Is beidh mise agus mo stóirínse ag dul bóithríní an Locháin.
Nach fada ag gabháil an bhealaigh mé go moch agus go mall, Is nach fada ag gabháil an bhealaigh mé ar gach cnocán agus gleann, Ag cuimhneamh ar an ainnirín mar seo í mo ghealghrá, ’S gur cailín as na hAille í, sé a hainm Máire Bhán.
’S anois ag teacht an tsamhraidh beidh gach duilliúirín ag fás, Tiocfaidh glór binn don chuach is beidh gach bradán geal ar snámh, Beidh an gliomadóir ag tornáil ins gach cuan anonn is anall, Is beidh mise agus mo stóirínse ag dul bóithríní an Locháin.
Dhá dtéinnse anonn go Sasana nó ar ais go Meiriceá, Shiúlfainn trí gach baile mór ag breathnú ar an áit, Ní thabharfainn gean do bhean ar bith dá mbeadh ins na hoileáin Nó go dtagainnse ’Cois Fharraige ós ann atá mo dhream.
Is anois ag teacht an tsamhraidh beidh gach súgradh againn is greann, Tiocfaidh deireadh le John Redmond agus beidh Seán Buí ar lár, Beidh na buachaillí is na cailíní ag ceol is ag gabháil amhráin Is beidh mise agus mo stóirínse ag gabháil bóithríní an Locháin.
Not long to go the way I have a year and three quarters, Remembering the maiden 'is on the side of the hill yonder, trying to bring home with me as together as ghealghrá, With that she would always beside me in Pond home.
Now come the summer shall I Saintfield women want, is I got an account sharply, from, which side she is there, will be drummer of excipients We as people dance from County Clare And me and my stóirínse getting roads the Pond.
Last night's visit coming from me is turning me Kate, sitting on a lonely hill and loud weeping, I asked the two what was stuabhean torment, and she replied that I worried, "Or you my darling? '
And now come the summer will be the calves in every valley, will milk the cow ghamhnach that will cleabhair coming when milking, will gliomadóir at tornáil going up Kiosk Bhrocháin, And me and my stóirínse going roads Pond .
Today coming eclipsed me as I remember my love, turns to me the young woman I spoke firmly, asked the dtabharfainnse carefully she loved her and I told her politely that I would not do that forever.
Is now coming summer will foghlaeirí in every quarter, at events across the dtamhnacha between Roundstone is Knockmay, will the multiple-making information for thrush in County Clare, as will I and my stóirínse going roads pond.
Not long engaged the way I early and late, is not long engaged the route I'm on every hill and valley, Remembering the maiden as my ghealghrá, and that girl from Cliff is, he name of Mary white.
And now come the summer growing duilliúirín each, enter the sweet voice of the cuckoo is bright salmon each float, will gliomadóir at tornáil in each basin back and forth, is me and my stóirínse will go Pond roads.
Two dtéinnse back to England or back to America, walk through every town looking at the place, I would never have any affection for a woman would be in the islands Or dtagainnse 'Connemara because my people are.
Is now coming summer we will all play comedy, will end with John Redmond and John Yellow lapse, will the boys the girls accompanied by music and songs is me and my stóirínse will accompany Pond roads.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.