Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
’S céard deir tú le Gaillimh a bhuail challenge ar Chontae an Chláir, ’S céard deir tú le Garumna a tháinig ina fhear fianaise ann, Tá na Sceirde is Dún Godail sna sodair ag teacht le cóir, Mura stopa an Bhreachlainn iad réabfaidh siad Árainn Mhór.
Ná raibh mise lá i nGaillimh, lá farraige is gála mór, Cé d’fheicfinn ag dul tharam, Ceann Gainimh is é ag iompar seoil, Bhí laindéir airgid i mbarr a chuid crainnte seoil, ’S ba é réalta na maidine a bhí ag lasadh na gcoinnle dhó.
Nár dhúirt Oileán Mhic Dara go bhfaca sé iontas mór, Bealach na Srathara faoi chruithneacht is faoi eorna mhór, Caorán an Leathmháis is maide aige ag seoladh bó, ’S seanchitil fhíneach ag cur cnocáin ag séideadh ceoil.
’S nach bhfaca mé cearc is ba mhaith uaithi an tuirne a shníomh, Bhí an coileach struipeáilte ag bealáil a bhuataisí, Bhí frog ins an nglaise agus watch ina phóca thíos, Bhí an dreoilín ar maidin ar fuinneog ag daimsiú ríl.
’S nach bhfaca mé cricker is a phiostail ar chúl an bheaic, ’S bainne cíoch circe ag an bpuisín dá thabhairt dá mhac, Nach bhfaca mé portán ag éirí an-ard san aer, ’S bean ag cur chochaill ar abhainn a bhí taobh thiar den ghréin.
’S nach bhfaca mé iontas nach bhfaca mórán fós, Loch fhada Ghlionnáin faoi chruithneacht ag dhá mhíol mór, An fheamainn a baineadh faoi Shamhain i Mám na nGabhar, Bhí an eascann ar maidin á tarraingt go Barr na hAbhann.
And what you say to Galway hit challenge of Clare, and what you say to Gorumna became a man of evidence, is the Sceirde Dun Godail in sodair coming to the fair, If Stopa the Bhreachlainn them rupture they Arranmore.
I did a day in Galway, sea day is big gale, Who'd see going past me, Sand One is carrying a sail, was silver lantern in the top of his swing tree, and was the star of the morning was burning the burning candles.
Mac Dara Island told not seeing his great surprise, Way Srathara of wheat barley is about big, Moorland the stick Leathmháis he is carrying a cow, and seanchitil fhíneach taking mounds blowing music.
And I did not want her chicken is the tuirne weave, was the cock struipeáilte at bealáil to boots, was in the Greening frog and watch his pocket below, was the wren morning at daimsiú reel window.
And I did not cricker as pistols behind the bheaic, and milk breast flattened by bpuisín referred to his son, Did I not crab becoming very high in the air, and a woman at a pod of river behind the sun .
And I had not seen that many still wonder, Lake long Ghlionnáin under wheat by two whale, the seaweed harvested in November in MAM Goat, was drawn eel morning at Top River.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.