Before you edit: All changes are checked by a moderator before being published to the site and could take a few days.
Bliain mhór ’s an t-am seo ba deas mo chulaith éadaigh, ’S nach lúthmhar éadtrom aigeantach a dhéanfainn bean a bhréagadh, Phós mise an ghiobóg bheag, bhí bó nó beirt de spré aici, ’Gus d’fhág sí ar an anás mé is mo chraiceann geal gan léine.
Má bhí culaith mhaith an uair sin ort b’fhéidir nár leat fhéin í, Cha raibh sí ar do chraiceann go raibh fear istigh á hiarraidh, Dhíol tú mo chuid eallaigh, sin is tuilleadh rudaí, Is d’fhág tú ar an anás mé is gan ghreim agam le hithe.
A bhuachaillí is a bhuachaillí, an méid agaibh atá gan phósadh, Ná santaígí sibhse bean ar bith mar gheall ar theach ná baile, B’fhearr liom cailín glan agam ar philleadh domh tráthnóna, Ná luaith bhuí na seachtaine is á cur amach Dé Domhnaigh.
A chailíní is a chailíní, an méid agaibh atá gan phósadh, Ná santaígí sibhse fear ar bith mar gheall ar a chulaith éadaigh, B’fhearr liom buachaill fearúil agam ar philleadh domh tráthnóna, Ná a bheith ag coimhéad ar an amadán istigh ina chulaith Domhnaigh.
Chan fhacthas mo léine ghlan orm ariamh le linn mo phósta, Ná mo bhróga daite orm ’un aifrinn domh Dé Domhnaigh, Mura gcasfaí ach scaifte cailín orm ’na seasamh ar an bhóthar Nár aifrí Dia ná Muire orm é, ba mian mo chroí a bheith leofa.
Shiúil tú amuigh is istigh leofa is char stad tú de na bréaga, Char chuir tú caoi ná deis orm go ndéanfainn geal do léine, Bhí tú mar an bacach ann i ndoras achan aon mhnaoi Ag fiafrú de na cailíní cé acu ba réitigh.
Ag éirí domhsa ar maidin ag goil a dh’obair mar ba chóir domh, Nuair a phillim arís tráthnóna chan fheicim an leaba cóirithe, Tá níos mó ná sin agam, nach féidir domh a inse, Tá naipíní mo pháistí amuigh ag bean na comharsan.
Ag éirí duit ar maidin ag goil ag obair mar ba chóir duit, Is é an áit a dtéann tú ag tarraingt ar do chomharsan, Ar philleadh arís ’na bhaile duit ar theacht don tráthnóna, An léine a chuir mé glan ort, d’fhág tú i dtoigh an óil í.
Ach féadfaidh athrú a theacht go fóill nuair a gheobhaimid tuilleadh céille, Bhéarfaidh an ghiobóg ’gus an t-amadán maithiúnas do na chéile, Beidh deireadh leis an chogadh mhór ’gus síocháin ar an éileamh, Beidh an ghiobóg ’gus an t-amadán ’na lanúin shona shaibhir.
Great year and this time my outfit was nice clothes, and not light lúthmhar aigeantach would I be beguiled woman, married ghiobóg am the small, had a cow or two of her dowry, and she left my distress I bright skin without shirt.
If good suit you then perhaps you did not own it, Cha on your skin she had sought inner man, You sold my cattle, so more things, is you left me in need is I no bite to eat.
A boys be boys, what you are unmarried, not santaígí ye any woman about a house or home, I'd clean girl I philleadh afternoon sun, not ash yellow is taking the week off Sunday.
A girls to girls, what you are unmarried, not santaígí ye any man because of his garment outfit, I'd manly boy I philleadh afternoon sun, not to be watching the idiot inside his Sunday suit .
Chan appeared my shirt clean I never during my marriage, not my shoes dyed my 'un Mass me Sunday, If encounter but the crowd girl I were standing on the road Not aifrí God than Mary I, he was like my heart be leofa.
You walked approximately leofa that haunts you stop the lies, char you sent me an opportunity opportunity for me to bright shirt, You were there as the door every lame any woman inquiring of the girls who was the casting.
Arising in the morning for me was going to dh'obair as I should, Once again the evening sang phillim see the bed dressed, is more than that I can not be telling me, is my children naipíní out by a woman neighbor.
Getting you in the morning was going to work as you should, is where you go pulling your neighbor, On philleadh again 'you home coming of the evening, the clean shirt I have you left dtoigh you drink it.
But change can come yet when we receive more sense, shall cause the ghiobóg and the fool forgiveness for each other, will end the war large and peace demand, will ghiobóg and the fool 'the couple happy rich.
SongsInIrish.com is a participant in the Amazon Services LLC Associates Program, an affiliate advertising program designed to provide a means for sites to earn advertising fees by advertising and linking to amazon.com or amazon.co.uk.